Our planet, Our future

Réitigh

An aeráid agus an dúlra

Is cabhair í gníomhaíocht chun dul i ngleic leis an athrú aeráide chun an dúlra timpeall orainn agus na córais nádúrtha a mbraithimid go léir orthu a chosaint. Trí aire mhaith a thabhairt dár n-ithir, dár bhforaoisí agus dár n-uiscí, is fearr mar a rachaimid i ngleic leis an athrú aeráide agus lena iarmhairtí.

Is iomaí tionchar atá ag an athrú aeráide ar ár gcomhshaol agus ar ár sochaí. Tá pleananna náisiúnta curtha i dtoll a chéile ag a lán tíortha AE cheana féin chun na tionchair seo a mhaolú. De réir mar a bhíonn fadhbanna difriúla le réiteach ag réigiúin dhifriúla, caithfear na pleananna seo a chur in oiriúint do staideanna áitiúla agus réigiúnacha.

Sárstór carbóin na hithreach

Ceapann ár bhformhór nach bhfuil san ithir faoinár gcosa ach salachar, ach imríonn ithir ról riachtanach maidir le haeráid an domhain a rialú. Stórálann ithir carbón i bhfoirm ábhair orgánaigh go príomha, agus is í an dara linn charbóin is mó ar Domhan, i ndiaidh na n-aigéan.

Meastar gurb ionann 0.1 % den charbón atá stóráilte faoi láthair in ithreacha Eorpacha agus na hastaíochtaí bliantúla ó 100 milliún carr nó mar sin.

Níl ithir chomh hábalta na méideanna ollmhóra carbóin a stórálann sí a choimeád le fiche nó tríocha bliain anuas, i ngeall go príomha ar chleachtais bainistíochta talún neamh-inbhuanaithe agus ar athruithe ar úsáid talún. Mar sin féin, is féidir le dea-chleachtais foraoiseachta agus dea-bhainistíocht talún cuidiú leis an méid carbóin atá coinnithe sa talamh a choimeád nó fiú a mhéadú.

Carbón a stóráil faoin talamh

Is teicníc í gabháil agus stóráil carbóin trína gceaptar dé-ocsaíd charbóin a astaíonn stáisiúin ghiniúna agus monarchana tionsclaíochta; comhdhlúthaítear é agus iompraítear é ina dhiaidh sin chuig láthair oiriúnach stórála go domhain faoin talamh.

D’fhéadfadh an teicníc seo cabhrú sa troid in aghaidh an athraithe aeráide san Eoraip agus ar fud an domhain: is féidir le láithreacha stórála faoi thalamh an dé-ocsaíd charbóin ar fad a stóráil go ceann na gcéadta, nó na mílte bliain fiú.

Ach tá an teicneolaíocht thar a bheith costasach agus níl ach dhá thionscadal tráchtála ar bun san Eoraip faoi láthair. Mar sin cuireann an tAontas síolchistiú ar fáil chun tacú le tionscadail ghabhála agus stórála carbóin agus tá rialacha curtha i dtoll a chéile le cinntiú go n úsáidfear an teicníc ar shlí atá cairdiúil leis an timpeallacht.

An raibh a fhios agat

Is san ithir a gheofar os cionn aon cheathrú de gach speiceas beo ar Domhan.

Foraoisí: cosantóirí ár n-aeráide

Tá ról ar leith ag foraoisí san athrú aeráide. Ar thaobh amháin, scaoileann siad gáis cheaptha teasa nuair a ghearrtar crainn anuas nó nuair a chorraítear an ithir thíos fúinn, rud a chuireann le téamh domhanda.

Ar an taobh eile, gabhann foraoisí gáis cheaptha teasa tríd an bhfótaisintéis agus cabhraíonn siad, leis, chun an pláinéad a fhuarú. Mar sin tá siad lárnach don troid in aghaidh an athraithe aeráide.

Conas is féidir linn a chinntiú gur éifeacht dhearfach atá ag foraoisí? Is féidir le bainistíocht inbhuanaithe ar fhoraoiseacha, trína ngabhann crainn nua áit na seanchrann nó na gcrann a gearradh anuas, a bheith ina réiteach éifeachtach. Tá tíortha an Aontais ag obair i gcomhar chun ról na bhforaoisí i mbeart an Aontais in aghaidh an athraithe aeráide a mhéadú.

Tá daoine ag gearradh anuas foraoisí an domhain ag ráta scanrúil: baineann suas le 80 % den dífhoraoisiú trópaiceach le talamh a réiteach d’fheirmeacha, ach gearrtar crainn anuas chomh maith chun táirgí amhail adhmad agus páipéar a dhéanamh, nó chun bóithre agus mianaigh a thógáil. Mar aon leis an athrú aeráide a luathú, scriosann an dífhoraoisiú gnáthóga ainmhithe foraoise agus athraíonn sé patrúin bháistí, rud is cúis le triomach.

An raibh a fhios agat

Gearrtar limistéar d’fhoraois thrópaiceach atá thart ar an méid céanna leis an nGréig gach bliain.

Foraoisí domhanda a chosaint

Cuidíonn scéim dar teideal REDD+ (Astaíochtaí a Laghdú ó Dhífhoraoisiú agus Díghrádú Foraoise agus caomhnú) le tíortha trópaiceacha le cineálacha cur chuige níos inbhuanaithe a ghlacadh.

Is fiú do dhaoine i dtíortha i mbéal forbartha a bhforaoisí a chaomhnú trí luach an charbóin a choisctear ó dhul isteach san atmaisféar mura ngearrtar foraoisí anuas a ríomh, agus é seo a thiontú go cistí le haghaidh úsáid talamh foraoise atá cliste ón taobh aeráide de.

Úsáideadh airgead REDD+ in os cionn 40 tír, ag díriú mar shampla, ar mhonatóireacht a dhéanamh ar fhoraoisí (crainn a thomhas), feabhas a chur ar fhreagairt na seirbhíse dóiteáin do thinte foraoise, agus tionscal agrafhoraoiseachta (meascán feirmeoireachta agus foraoiseachta) a fhorbairt.

Teastaíonn gníomh cothromaíochta cúramach idir caomhnú agus leasanna na ndaoine atá ina gcónaí san fhoraois agus a bhraitheann uirthi le haghaidh bia, uisce agus acmhainní eile a chosaint. Tá ballstáit agus institiúidí an Aontais tar éis os cionn €1 bhilliún a chaitheamh go dtí seo ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le REDD+ san Áise, san Afraic agus i Meiriceá Laidineach.

Dul i ngleic leis an teas

Cur cliste

Tá tuilleadh barr á gcur ag roinnt feirmeoirí i measc crann chun iad a scáthú ionas go mbeidh siad in ann don aeráid níos teo agus níos tirime. I gcathracha, tá bláthanna agus toir thriomachfhulangacha atá in ann do dhálaí teo, tirime á dtabhairt isteach ag tírdhreachóirí i bpáirceanna agus cois bóithre.

solutions_nature_plant

Ballaí agus díonta glasa

Tá plandaí á bhfás ar bhallaí agus ar dhíonta i roinnt cathracha chun teas a ionsú agus cuidiú leis an teocht taobh istigh d’fhoirgnimh a rialú nuair atá sé te. Ionsúnn siad uisce chomh maith agus laghdaíonn siad an rith chun srutha le linn stoirmeacha. Ceangal dlí is ea é, i dtíortha áirithe, an Fhrainc agus an Danmhairg ina measc, díon glas a bheith ar fhoirgnimh nua.

solutions_nature_walls

Críonna le huisce

Tá roinnt daoine ag aimsiú bealaí úra chun uisce a choigilt, mar shampla, trí chórais “uisce liath” a shuiteáil ina dtithe agus ina ngnólachtaí (ar nós óstán) lena n-athúsáidtear uisce ó níochán go leithris a shruthlú. Agus tá sil-uisciú á úsáid ag feirmeoirí nuálacha san oíche ionas go bhfaighidh plandaí uisce go díreach chuig a rútaí agus ní imíonn sé ina ghal le teas an lae.

solutions_nature_wise

An raibh a fhios agat

Trí rud éigin a dhéanamh chun tuilte a chosc is féidir saol daoine a thabhairt slán agus airgead a shábháil: d’fhéadfadh gach 1 euro a chaitear ar chosc tuilte 6 euro a shábháil ar chostais athchóirithe!

Oiriúnú d’uiscí atá ag ardú

solutions_nature_slider_1

Tithe ar snámh

In Maasbommel, sa chuid den Ísiltír atá suite go híseal, tá roinnt áititheoirí ag ullmhú le haghaidh tuilte níos minice trí chónaí i dtithe amfaibiacha atá ar ancaire ar an talamh ach tá siad deartha le hardú nuair a ardaíonn an t-uisce.

building barriers

Bacainní a thógáil

Cuidíonn tógáil ballaí mara saorga agus cladáin leis an uisce a choinneáil amuigh, mar a dhéanann dumhcha fosta. Is féidir iad sin a chur le féara láidre a gcuireann a rútaí stop leis na dumhcha ó scuabadh ar shiúl.

green sponges

Spúinsí glasa

Is féidir le tuilemhánna (láithreacha nádúrtha a dhraenálann isteach in aibhneacha) feidhmiú mar spúinsí, ag ionsú báisteach bhreise. Tá mánna a bhí ann cheana á n-athchóiriú ag tíortha feadh aibhneacha na Danóibe agus na hEilbe trí thuilleadh spáis a thabhairt d’aibhneacha.