Our planet, Our future

Réitigh

An aeráid agus an chathair

Tarlaíonn cuid mhór den athrú aeráide mar gheall ar chathracha — ach ní iontas ar bith é sin, ós rud é gurb ann atá cónaí ar 75 % nó mar sin de mhuintir na hEorpa inniu.

Cathracha móra, loirg choise mhóra

Mar chroíláir ghníomhaíochta, is foinse mhór astaíochtaí carbóin iad. Úsáidtear 60-80 % den fhuinneamh domhanda i gceantair uirbeacha agus astaítear thart ar an sciar céanna d’astaíochtaí CO₂ iontu, dá bhrí sin tá lorg coise carbóin mór acu. Is cuid den fhadhb iad cathracha, ach is féidir leo a bheith mar chuid den réiteach chomh maith. Tá cathracha ar fud an Aontais Eorpaigh ag athrú chun feabhais, a bhuíochas ar nuálaíocht agus fís ceannairí áitiúla atá ag cuidiú le hastaíochtaí a laghdú agus oiriúnú do thionchar an athraithe aeráide trí phleanáil chliste agus scéimeanna cliste.

Méaraí ag a bhfuil misean

Tá tiomantas deonach déanta ag cathracha ar fud an Aontais maidir le bearta a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ullmhú do thionchar an athraithe aeráide.

Ghlac siad ballraíocht i gCúnant na Méaraí, scéim de chuid an Choimisiúin Eorpaigh ina spreagtar cathracha chun astaíochtaí a laghdú agus oiriúnú don athrú aeráide. Sna cathracha, tá éifeachtúlacht fuinnimh á méadú agus foinsí fuinnimh in-athnuaite agus córacha taistil inbhuanaithe á n-úsáid, mar aon le bonneagar “aeráid-dhíonach”, limistéir ghlasa uirbeacha a fhorbairt agus cosaint shibhialta a oiriúnú, i measc tionscnamh eile.

In 2016, seoladh Cúnant na Méaraí Domhanda don Aeráid agus don Fhuinneamh chun dlús a chur le gníomhú ar son na haeráide ar an leibhéal áitiúil ar fud an domhain.

Anois tá breis agus 11 500 cathair as 142 thír agus sé mhór-roinn ag obair le chéile ar son na haeráide. An bhfuil do chathair — nó an chathair is gaire duit — ar bord?

An raibh a fhios agat

Is ionann ídiú fuinnimh foirgneamh a thógtar sa lá atá inniu ann agus thart ar aon trian d’ídiú fuinnimh na bhfoirgneamh a tógadh roimh 2005.

House illustration

Cá bhfuil cónaí ort?

Féach an bhfuil do chathairse páirteach i dtionscnamh Chúnant na Méaraí!

Cathracha inrochtana

Is dóigh iontach é laethanta saor ó charranna ionas go bhféachfaidh daoine ar bhealaí eile chun dul tríd an mbaile. Is é seo ceann de na himeachtaí a bhíonn ar siúl i mórán cathracha le linn Sheachtain Réthaistil na hEorpa, feachtas atá tacaithe ag an gCoimisiún Eorpach agus a eagraítear gach Meán Fómhair.

Tugadh os cionn 8 000 beart buan isteach, amhail scéimeanna um chomhroinnt carranna agus um chomhroinnt rothar, de bharr an fheachtais.

An raibh a fhios agat

Cumhdaíonn cathracha thart ar 2% de dhromchla an Domhain ach tá níos mó ná leath de dhaonra an domhain ina chónaí iontu.

Ag ullmhú d’adhaimsir i gCóbanhávan

I mí Iúil 2011, chuir sé i gCóbanhávan ...
ach ní gnáthchith ar bith a bhí ann. Thit thart ar 15 cm báistí i dtréimhse 2 uair an chloig. Ní raibh draenacha na cathrach in ann don mhéid uisce agus ní raibh sé i bhfad go raibh foirgnimh agus bóithre faoi thuile.

Bhí dhá ospidéal mhóra i gCóbanhávan faoi bhagairt go ndúnfaidís mar gheall ar thuile agus ar ghearradh cumhachta. Chuir an teagmhas sin ceannairí na cathrach ag machnamh faoi phlean a dhréachtú chun an chathair  a chosaint ar theagmhais adhaimsire amach anseo.

Mar thoradh air sin, forbraíodh Plean Bainistíochta Maidhm Bháistí a chuideoidh ní amháin chun an t-uisce báistí a bhainistiú níos fearr amach anseo ach atá ag cur feabhais ar cháilíocht shaol na cathrach fosta. Áirítear moltaí sa scéim fiú chun rotharbhealaí úra a fhorbairt a fheidhmeoidh mar chainéil uisce stoirme chomh maith.

Weather map

Coigil fuinneamh, coigil airgead

Le foirgnimh agus fearais níos éifeachtaí is féidir méideanna móra fuinnimh, astaíochtaí agus airgid a choigilt. Is chun tithe a théamh a úsáidtear a lán den fhuinneamh i dtithe an Aontais.

Is iad seo a leanas cúpla bealach go díreach chun lorg coise carbóin ár dtithe, scoileanna agus oifigí a laghdú — fuinneoga tríghloinithe chun an teas a choinneáil istigh, insliú maith agus díonta cumhdaithe le plandaí ina stóráiltear uisce báistí agus a chuidíonn leis na foirgnimh a choinneáil fionnuar.

solutions_city_save

An raibh a fhios agat

Faoi dheireadh 2020, beidh ar gach foirgneamh in AE a bheith neodrach ó thaobh carbóin de, nó geall leis.

Príomhchathracha glasa na hEorpa

Tugtar gradam Phríomhchathair Ghlas na hEorpa do chathracha atá tiomanta do bheith níos inbhuanaithe. Is é an aidhm aitheantas a thabhairt do chathracha a bhaineann amach ardchaighdeáin chomhshaoil san fhadtéarma, tabhairt ar chathracha spriocanna ardaidhmeannacha a shocrú agus a chéile a spreagadh agus smaointe agus eispéiris a roinnt.

Stócólm

Stockholm

Hamburg

Hamburg

Vitoria - Gasteiz

Vitoria-Gasteiz

Nantes

Nantes

Cóbanhávan

Copenhagen

Bristol

Bristol

Ljubljana

Ljubljana

Essen

Essen

Nijmegen

Nijmegen

Osló

Oslo

Liospóin

Lisbon

Lahti

©City of Lahti

Grenoble

Grenoble

Taillinn

Tallinn
  • 2010
  • 2011
  • 2012
  • 2013
  • 2014
  • 2015
  • 2016
  • 2017
  • 2018
  • 2019
  • 2020
  • 2021
  • 2022
  • 2023