Is ábhar mór imní do mhuintir na hEorpa an t-athrú aeráide agus tacaíonn siad le gníomhú ina choinne ar fud an Aontais, sin de réir suirbhé Eorabharaiméadair a tháinig amach le déanaí ón gCoimisiún Eorpach.
Aontaíonn níos mó ná ochtar as deichniúr (81%) d’fhreagróirí an tsuirbhé gur féidir leis an Aontas Eorpach leas eacnamaíoch a bhaint as saineolas an Aontais ar theicneolaíochtaí glana a chur chun cinn lasmuigh den Aontas, agus creideann 79% díobh go gcabhróidh sé le gnólachtaí an Aontais a bheith níos nuálaí agus níos iomaíche ach beart a dhéanamh faoin athrú aeráide.
Aontaíonn tromlach mór (72%) gur féidir cinnteacht an tsoláthair fuinnimh a mhéadú agus go mbeidh leas eacnamaíoch ann don Aontas Eorpach má laghdaítear iompórtálacha breoslaí iontaise ó thíortha lasmuigh den Aontas.
Tá gníomh sonrach amháin ar a laghad i gcoinne an athraithe aeráide déanta ag 93% de na freagróirí, go háirithe dramhaíl a laghdú agus a athchúrsáil (75% de na freagróirí) agus úsáid na n-earraí indiúscartha a laghdú aon uair is féidir sin (62%).
Aontaíonn seachtar as deichniúr de na freagróirí (70%) gur féidir toradh dearfach a bheith ann do shaoránaigh san Aontas Eorpach ach oiriúnú do na drochiarmhairtí a bhíonn ag an athrú aeráide.
Faigh amach faoi dhearcadh na ndaoine i leith an athraithe aeráide i dtíortha éagsúla ar fud an Aontais Eorpaigh: