Our planet, Our future

Cad fútsa?

Fútsa anois atá sé!

An bhfuil imní ort faoi na bagairtí ón athrú aeráide? An bhfuil tú paiseanta faoin ngá le hastaíochtaí carbóin a laghdú?

Áit mhaith le tosú ná athruithe a dhéanamh i ngníomhartha laethúla a laghdóidh do lorg coise carbóin.

Níl rud ar bith a dhéanfaidh tú róbheag.

An illustration of two young girls and boys standing presenting over you contents

Cuimhnigh ar na 3 rud seo

Níl sé rómhall leis an aeráid a chóiriú

Chun nach n-éireoidh an t-athrú aeráide níos measa, ní mór dúinn beart a dhéanamh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go suntasach agus dul in oiriúint do na hathruithe atá ag titim amach anois agus a bheidh sa todhchaí chun an damáiste a theorannú. Tá an eolaíocht soiléir: ní mór dúinn gníomhú go práinneach agus le chéile. Is féidir le gach cuid den tsochaí agus gach duine aonair a chion a dhéanamh.

ARDLEID

Giuirléidí ar nós teilifíseán agus ríomhairí a fhágtar ar fuireachas, ídíonn siad cumhacht. Is amhlaidh i gcás fóin phóca a fhágtar sna soicéid an oíche ar fad, fiú nach bhfuil do luchtaire ceangailte le d’fhón, ídíonn sé leictreachas! Ach gléasanna a mhúchadh agus a díphlugáil, d’fhéadfá suas le 10 % de chostais fuinnimh do thí a choigilt.

Cuir ceist ar an eolaí

Avatar girl character
Cad is féidir linn a dhéanamh faoin athrú aeráide?
Scientist avatar
Ar an drochuair, beidh roinnt tionchar den athrú aeráide nach mbeimid ábalta a sheachaint agus beidh orainn oiriúnú dóibh sin, ach tá sé fós tábhachtach go ndéanfaimid scála na dtionchar amach anseo a theorannú. An dea-scéala ná go bhfuil a lán rudaí is féidir linn a dhéanamh. Is féidir linn go léir roghanna cliste a dhéanamh ar nós níos lú feola a ithe agus níos mó torthaí agus glasraí a fhástar go háitiúil a ithe, fuinneamh a choigilt, agus dul ag rothaíocht nó ag siúl in áit taisteal i gcarr (go háirithe i gcás turais ghairide). Is é an rud iontach go bhfuil a lán de na gníomhartha sin go maith dár sláinte agus dár bpócaí chomh maith.
—  An Dr. Jolene Cook, eolaí aeráide

Is féidir leat difear a dhéanamh - is féidir linn ar fad!

Léigh faoi údair imní daoine óga faoin athrú aeráide agus faoin tslí a bhfuil difríocht á déanamh acu cheana féin.

Féach gach físeán

Níl rud ar bith a dhéanfaidh tú róbheag

Níl rud ar bith a dhéanfaidh tú róbheag

Dóigh amháin le difear a dhéanamh ná roghanna cliste a dhéanamh agus tú ag siopadóireacht. Ná ceannaigh an oiread céanna: ceannaigh earraí níos fearr, caith níos lú airgid — mar shampla, ceannaigh péire amháin maith bróg in ionad trí phéire de bhróga saora.

Ceannaigh go háitiúil: sábháiltear airgead ar iompar má roghnaítear torthaí agus glasraí áitiúla i séasúr seachas cinn a fhástar i bhfad i gcéin. (Ach cuimhnigh, ní fearr earraí áitiúla i gcónaí ó thaobh carbóin de, mar shampla má fhástar iad i dtithe gloine téite nó le leasachán a rinneadh as breoslaí iontaise.)

Bí idirdhealaitheach sa tslí a n-úsáideann tú pacáistiú: cruthaíonn pacáistiú plaisteach cuid mhaith dramhaíola agus is deacair é a athchúrsáil. Ceannaigh táirgí atá i bpacáistiú in-athchúrsáilte nó inmhúirínithe agus beir mála in-athúsáidte leat chun do shiopadóireacht a bhreith abhaile.

about_you_action

An raibh a fhios agat

Is é 7 dtonna CO2 in aghaidh na bliana meánlorg coise carbóin an Eorpaigh.

ARDLEID

Ísligh an teirmeastat 1 °C — is féidir leis sin 10 % a chiorrú ó bhille fuinnimh do theaghlaigh — agus má shocraíonn tú teocht níos ísle istoíche agus nuair a bhíonn tú lasmuigh den teach, ísleoidh tú an bille tuilleadh.

An raibh a fhios agat

Ceapann breis is 90 % d’Eorpaigh gur fadhb thromchúiseach é an t-athrú aeráide. Cad é tuairim mhuintir do thíre féin? Faigh amach anseo

Má dhéantar dramhaíl a athúsáid, a dheisiú nó a athchúrsáil coiglítear acmhainní nádúrtha atá gann, fuinneamh agus astaíochtaí CO2.

An domhan ag aontú ar bheart maidir leis an aeráid

Chomhaontaigh roinnt tíortha, lena n-áirítear an tAontas, ar spriocanna atá ina gceangal dlí chun a n-astaíochtaí a theorannú sna blianta suas go dtí 2020 faoi chomhaontú ar a dtugtar Prótacal Kyoto.

Ach fiú leis na gealltanais ó thíortha eile chun gníomhú ar bhonn deonach, níor leor é seo chun athrú aeráide contúirteach a sheachaint.

Mar sin seoladh idirbheartaíocht ar chomhaontú nua trína gceanglófaí ar gach tír sa domhan gníomh a dhéanamh (agus ar an 12 Nollaig 2015 i bPáras na Fraince, d’aontaigh 200 tír nach mór ar an gcéad bheart domhanda riamh ar an athrú aeráide, beart atá ina cheangal dlí.

Leagtar amach i gComhaontú stairiúil Pháras plean gníomhaíochta chun an téamh domhanda a theorannú go dtí níos lú ná 2 °C os cionn teocht an domhain roimh an réabhlóid thionsclaíoch.

D’aontaigh rialtais, leis, go gcuirfí teorainn le méadú theocht an domhain go 1.5 °C ar a mhéad, de réir mar a d’aontaigh eolaithe ar fud an domhain go laghdódh sé sin rioscaí agus contúirtí an athraithe aeráide go mór.

Is é príomhphointe eile an Chomhaontaithe cur le cumas tíortha, go háirithe na tíortha is lú forbairt, déileáil leis na tionchair a bheidh ann.

Ach tá ról tábhachtach ag saoránaigh agus gnólachtaí, leis. Tá cathracha agus bailte, cuideachtaí, infheisteoirí agus daoine aonair ar fud an domhain ag gníomhú cheana féin chun an aeráid a choimeád sábháilte agus intuartha.

ARDLEID

Cas as an sconna nuair a bhíonn do chuid fiacla á ní agat — coigleoidh sé sin roinnt lítear uisce. Agus, arbh eol duit go n-ídítear ceithre oiread uisce nuair a líonann tú folcadán seachas cithfholcadh a thógáil?

Eorpaigh óga chun tosaigh

Smaoinigh ar chomórtas spraíúil ar scoil a dhéanamh den dúshlán aeráide. Fiafraigh de do mhúinteoirí an féidir craobhchomórtas a eagrú, ina mbeidh an bua ag an rang nó an grúpa is báúla leis an timpeallacht.

Seo roinnt smaointe: gairdín scoile a chur, lón gan bhruscar, feachtas “rothaigh chun na scoile”, malartú leabhar.

Arbh eol duit gur féidir an éifeacht cheaptha teasa a athchruthú le próca gloine agus dhá theirmiméadar?

about_you_lead

Labhair amach!

Cad faoi pháirt a ghlacadh ann tú féin? B’fhéidir go smaoineofá ar rud éigin a d’athródh an todhchaí!

Ullmhaigh argóintí agus glac páirt sa díospóireacht um athrú aeráide ar scoil nó sa bhaile. Má mhothaíonn tú paiseanta go leor, cad faoi fheachtas a thosú le haghaidh beart maidir leis an aeráid?

  • Labhair faoi na saincheisteanna le do chuid cairde agus spreag iad chun páirt a ghlacadh. Beidh tú ábalta na hábhair a mhíniú dóibh ar bhealach a imreoidh tionchar dáiríre — agus má thaispeánann tú an méid suime atá agat ann d’fhéadfadh sé go spreagfadh sé sin iad chun níos mó suime a bheith acusan ann fosta.
  • Spreag do theaghlach chun athruithe a dhéanamh sa bhaile agus ina ngnáthshaol.
  • Iarr ar do thuismitheoirí na lipéid a sheiceáil nuair a cheannaíonn siad cuisneoir úr nó aonad aerchóirithe lena chinntiú go bhfuil siad tíosach ar fhuinneamh agus nach bhfuil siad díobhálach don chiseal ózóin.
  • Faigh amach cad iad na bearta maidir leis an aeráid atá á ndéanamh ag do scoil.
  • Scríobh chuig méaraí, polaiteoirí agus ceannairí gnó chun iad a spreagadh chun beart a dhéanamh.
  • Féach na hábhair do dhaoine óga ag: ec.europa.eu/clima/citizens/youth/
  • Chun tuilleadh leideanna atá neamhdhíobhálach don aeráid a fháil, tabhair cuairt ar: ec.europa.eu/clima/citizens/tips/
  • Féach ar ár scannáin is déanaí ag: youtube.com/EUClimateAction

An saineolaí aeráide thú anois?

Déan an quiz
?
?