Tá tionchar ag an athrú aeráide ar gach réigiún ar domhan. Tá cosaint oighreach na mol ag leá agus tá leibhéal na farraige ag ardú. I réigiúin áirithe tá aimsir fhoircneach agus díle bháistí ag éirí níos coitianta agus i réigiúin eile tá tonnta teasa agus triomaigh níos foircní ag titim amach.
Táthar ag súil leis go mbeidh na héifeachtaí sin níos déine sna blianta amach romhainn
Méadaíonn uisce má théitear é. Tá oighearchlúideacha agus oighearshruthanna ag na moil ag leá de dheasca an téimh dhomhanda chomh maith.
Dá bhrí sin, tá leibhéil na farraige ag ardú, agus bíonn tuilte agus creimeadh ann cois cósta agus ar thalamh íseal dá bharr.
Bíonn báisteach throm agus aimsir fhoircneach ann níos minice. Is féidir tuillte agus laghdú ar cháilíocht an uisce a bheith ann dá bharr, agus laghdú ar na hacmhainní uisce atá ann i réigiúin áirithe freisin.
Tá go leor de na tíortha bochta i mbéal forbartha i measc na dtíortha is mó atá thíos leis an athrú aeráide. Is minic a bhíonn na daoine atá ina gcónaí sna tíortha sin ag brath go mór ar a dtimpeallacht nádúrtha, agus is lú na hacmhainní atá acu chun déileáil leis an athrú aeráide.
Tá tionchar á imirt ag an athrú aeráide cheana féin ar an tsláinte:
Má dhéantar damáiste do réadmhaoin agus infreastruchtúir agus do shláinte an duine, bíonn costais mhóra aige sin ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar.
Idir 1980 agus 2011 bhí tionchar ag tuilte ar níos mó ná 5.5 milliún duine agus bhí caillteanais dhíreacha eacnamaíochta os cionn €90 billiún ann dá ndeasca.
Bíonn tionchar ar leith ag an athrú aeráide ar earnálacha a bhíonn ag brath go mór ar leibhéil áirithe teochta agus báistí, mar shampla: talmhaíocht, foraoiseacht, giniúint fuinnimh agus turasóireacht.
Tá an t-athrú aeráide ag tarlú chomh tapa sin go bhfuil deacrachtaí ag go leor cineálacha plandaí agus ainmhithe dul i ngleic leis.
Is iomaí speiceas talún, fionnuisce agus mara atá bogtha chuig suíomh nua cheana féin. Tá speiceas áirithe plandaí agus ainmhithe ann ar mó baol a ndíothaithe mura gcuirfear srian ar an méadú ar an meánteocht dhomhanda.