Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Éilimh agus foirmeacha

Má bhaineann do chás slándála sóisialta le níos mó ná tír amháin an AE, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua, nó an Eilvéis, is féidir go gcabhróidh na leideanna praiticiúla seo leat plé le d'éilimh.

Doiciméid inaistrithe

  • Déantar an chuid is mó de shonraí a mhalartú go díreach idir údaráis slándála sóisialta. I gcásanna áirithe, áfach, beidh "doiciméad inaistrithe" de dhíth ort (ar a tugadh Ríomhfhoirm roimhe) le do chás a dheimhniú agus tú ag aistriú. Faigh amach tuilleadh faoi "doiciméid inaistrithe" inár gcuid ceisteanna coitianta.
  • De ghnáth eisíonn d'údarás slándála sóisialta doiciméad inaistrithe nuair a iarrtar air. Moltar é a iarraidh roimh imeacht. Mura ndearna tú amhlaidh, áfach, gheobhaidh an t-údarás sa tír ina bhfuil tú ag aistriú na sonraí díreach ón institiúid sa tír ina bhfuil tú faoi árachas.
    Úsáid ár n-eolaire le hinstitiúid teagmhála a aimsiú

Spriocdhátaí

Agus tú ag plé le córais slándála sóisialta i gcúpla tír, is féidir go mbeidh deacrachtaí agat éileamh a chur isteach i dtír ar leith laistigh den sprioc atá leagtha amach. De réir rialacha an AE, ceadaítear duit d'éileamh a chur isteach laistigh den sprioc céanna agus atá ag institiúid nó binse tíre eile (áit a bhfuil tú ag stopadh, nó a bhfuil cónaí ort, mar shampla) má bhí tú faoi árachas ansin. Seolfar d'éileamh ar aghaidh chuig an údarás inniúil ina dhiaidh sin.

Teangacha

Is féidir leat do chuid éileamh, litreacha agus deimhniúchán a chur i láthair i dteanga do dhúchais, más ceann de theangacha oifigiúla an AE í, nuair a mheasann tú riachtanach nó cuí é. Is féidir go mbeidh moill ar chinneadh d'éilimh leis sin, ach is féidir go mbeidh sé ina chuidiú leat le soiléireacht a chinntiú agus le haon míthuiscint a sheachaint.

Tuilleadh faisnéise

Féach ár gcuid ceisteanna coitianta le tuilleadh faisnéise a fháil.

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: