Le chéile ar mhaithe le hoideachas cuimsitheach agus deiseanna oibre cuimsitheacha (Leagan soléite)
Ba cheart rochtain a bheith ag daoine faoi mhíchumas ar oideachas. Is éard is brí leis sin gur cheart dóibh a bheith in ann dul ar scoil, staidéar a dhéanamh agus páirt a ghlacadh in oiliúint chun scileanna nua a fhoghlaim.
Cuideoidh an méid sin leo freisin post maith a fáil níos déanaí ina saol agus páirt a ghlacadh sa phobal.
Mar sin féin, ní bhíonn an deis ag go leor daoine faoi mhíchumas san Eoraip staidéar nó obair a dhéanamh cosúil le daoine eile. I measc fáthanna eile, is fíor an méid sin i ngeall ar an méid seo a leanas:
- Níl foirgnimh ar nós scoileanna agus oifigí curtha in oiriúint do riachtanais daoine faoi mhíchumas.
- Seans nach mbeidh daoine eile ag iarraidh a bheith ag obair le daoine faoi mhíchumas.
Níl an méid sin ceart ná cóir.
Is mian leis an gCoimisiún Eorach a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas an ceart atá acu staidéar agus obair a dhéanamh a fheidhmiú cosúil le gach duine eile.
Tá plean oibre leagtha síos ag an gCoimisiún Eorpach do na blianta atá le teacht. Tugtar ‘Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ ar an bplean sin. Tugtar ‘An Straitéis Eorpach um Míchumas’ air freisin.
Is é ceann de na haidhmeanna atá leis an Straitéis Eorpach um Míchumas an ceart atá ag daoine faoi mhíchumas staidéar agus obair a dhéanamh a chur chun cinn. Sna blianta atá le teacht, oibreoidh an Coimisiún Eorpach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Deimhin a dhéanamh de go bhfuil na deiseanna céanna ag daoine faoi mhíchumas staidéar a dhéanamh agus scileanna nua a fhoghlaim cosúil le gach duine eile.
- Oiliúint a chur ar mhúinteoirí maidir le riachtanais daltaí faoi mhíchumas.
- Deimhin a dhéanamh de go bhfaigheann leanaí faoi mhíchumas an tacaíocht cheart chun go mbeidh siad in ann dul ar scoil le leanaí eile.
- Deimhin a dhéanamh de nach ndiúltaítear an ceart chun oibre do dhaoine faoi mhíchumas i ngeall ar an míchumas sin.
- Deimhin a dhéanamh de go gcuirtear oifigí in oiriúint do riachtanais daoine faoi mhíchumas ionas go mbeidh siad ábalta obair ann freisin.
- Cabhair a chur ar fáil do dhaoine óga faoi mhíchumas post a fháil.