Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

united kingdom

Éigeandáil

Glao ar 999112

NHS 111 (Seirbhís de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte)

 

EHIC a úsáid sa Ríocht Aontaithe

An méid is gá duit a dhéanamh

Má bhíonn tú ar cuairt sa Ríocht Aontaithe ó Bhallstát den Aontas agus má éiríonn tú tinn nó má bhíonn éigeandáil leighis agat le linn do thréimhse fanachta sealadaí i Sasana, is féidir leat Cárta Eorpach um Árachas Sláinte atá bailí, ar cárta é a eisíodh sa tír a bhfuil cónaí ort, a úsáid chun rochtain a fháil ar chúram sláinte.

Beidh ort do EHIC a thabhairt leat má tá tú incháilithe é a úsáid sa Ríocht Aontaithe.

Ní malairt rogha ar árachas taistil é EHIC. Ní chlúdóidh sé aon chúram sláinte príobháideach leighis, cóireáil a bhí beartaithe roimh ré, eitilt a fháil ar ais abhaile, ná rudaí a chailltear nó a ghoidtear uait. Molaimid árachas taistil nó sláinte a bheith agat lena dtabharfar clúdach duit go dtí deireadh do thurais.

Cúram sláinte éigeandála i Sasana

Baineann an t-eolas seo a leanas le cúram sláinte a fháil i Sasana.

D’fhéadfadh difríochtaí a bheith ann idir an chaoi a bhfaighfeá rochtain ar chúram sláinte in Albain, sa Bhreatain Bheag agus i dTuaisceart Éireann agus an chaoi a bhfaighfeá é i Sasana.

Is córas cúraim sláinte atá bunaithe ar chónaí é an córas atá i bhfeidhm ag NHS. Is éard is brí leis sin go bhféadfadh sé go mbeadh ar chuairteoirí go Sasana íoc as cúram sláinte NHS, rud a bhraitheann ar a gcúinsí.

Tá seirbhísí áirithe ann atá saor in aisce do chách, cuir i gcás seirbhísí timpiste agus éigeandála agus cuairteanna ar dhochtúir ginearálta.

Cóireáil phráinneach nó cóireáil nach féidir fanacht uirthi go sábháilte go dtí go bhfágann tú an tír agus go bhfilleann tú abhaile, cuirfear é sin ar fail i gcónaí agus pléifear leis an íocaíocht ina diaidh. Ní féidir ach le cliniceoir an cinneadh a dhéanamh an bhfuil an chóireáil práinneach nó an bhfuil gá léi láithreach.


null

Dochtúirí ginearálta

  • Seirbhísí cúraim phríomhúil, cóireáil ó dhochtúir ginearálta san áireamh, cuireann dochtúirí (dochtúirí ginearálta) na Seirbhíse Náisiúnta Sláinte (NHS) na seirbhísí sin ar fáil. Aimsigh dochtúir i ngar duit.

Fiaclóirí

  • Gach cóireáil fiaclóireachta ó NHS a bhfuil gá léi go cliniciúil, cuirtear ar fáil iad ar phraghas caighdeánach neamh-in-aisíoctha. Aimsigh fiaclóir i ngar duit.

Cóireáil ospidéil (NHS)

  • Seachas cúram éigeandála, déantar cúram ospidéil a eagrú trí do dhochtúir, d’fhiaclóir nó do radharceolaí. An chuid is mó de chóireálacha in ospidéil NHS, tá siad saor in aisce má tá Cárta Eorpach um Árachas sláinte atá bailí agat. Aimsigh ospidéal i ngar duit.
  • Mar chuairteoir a bhfuil cárta bailí aige, tá tú i dteideal gach cóireáil leighis, a chuirtear ar fáil tríd an stát agus a bhfuil gá léi go cliniciúil saor in aisce. Ní chlúdaíonn an cárta cóireáil a bhí beartaithe roimh ré.

Oidis

Otharcharr

  • Iompar d’otharcharr a bhfuil gá leis, tá sé saor in aisce.

null

  • Sa Ríocht Aontaithe, is iondúil go mbíonn sé saor in aisce cóireáil a fháil, mar sin ní ann do chóras aisíocaíochta.
  • Nuair a ghearrtar costais chaighdeánacha ort (cuir i gcás táillí le haghaidh fiaclóirí NHS nó costais oideas), ní bhíonn siad in-aisíoctha sa Ríocht Aontaithe.
  • Má bhíonn ort íoc as cúram, déan teagmháil le do sholáthraí náisiúnta um árachas sláinte nuair a fhilleann tú abhaile chun aisíocaíocht a fháil.

null


null


null

 

Clúdach do chónaitheoirí na Ríochta Aontaithe atá ar cuairt san Aontas

Má thugann tú cuairt ar Bhallstát den Aontas ón Ríocht Aontaithe, is féidir leat Cárta Domhanda na Ríochta Aontaithe um Árachas Sláinte (UK GHIC) nó Cárta Eorpach na Ríochta Aontaithe um Árachas Sláinte (UK EHIC) a úsáid chun rochtain a fháil ar chóireáil a bhfuil gá léi ó thaobh na sláinte de.

Na difríochtaí idir na cártaí atá le fáil

Tá 2 chineál clúdaigh ar fáil do dhaoine a bhfuil árachas acu sa Ríocht Aontaithe. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon cheann acu seo a leanas:

  • Cárta Domhanda na Ríochta Aontaithe um Árachas Sláinte
  • Cárta Eorpach na Ríochta Aontaithe um Árachas Sláinte, má tá cearta agat faoin gComhaontú um Tharraingt Siar

I gcás an chuid is mó de dhaoine a dhéanann iarratas as an nua, bronntar orthu Cárta Domhanda na Ríochta Aontaithe um Árachas Sláinte in ionad an Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte atá ann cheana.

Tuilleadh eolais maidir le conas iarratas a dhéanamh ar EHIC nó ar GHIC

Conas do chárta a úsáid

Is féidir leat do chárta a úsáid chun rochtain a fháil ar chúram sláinte a bhfuil gá leis ó thaobh na sláinte de agus a chuirtear ar fáil tríd an stát nuair atá tú ar cuairt i mBallstát den Aontas.

Is éard is brí le cúram sláinte a bhfuil gá leis ó thaobh na sláinte de cúram sláinte nach féidir fanacht uirthi go sábháilte go dtí go bhfilleann tú ar an Ríocht Aontaithe. An soláthraí cúraim sláinte sa tír a bhfuil tú ar cuairt uirthi, is é sin an té a chinneann an bhfuil gá leis an gcóireáil nó nach bhfuil.

Tuilleadh eolais faoi thíortha ina bhfuil do chárta bailí

Má tá EHIC agat cheana

Má tá EHIC agat cheana arna eisiúint sular fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas, beidh sé bailí go dtí go mbeidh an dáta éaga istigh. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chárta nua suas le 6 mhí sula dtéann an cárta atá agat faoi láthair in éag.

Má tá tú i dtír eile agus mura bhfuil do chárta leat

Is féidir leat Deimhniú Athsholáthair Sealadach (PRC) a fháil le cruthú go bhfuil tú i dteideal cúram sláinte a bhfuil gá leis ó thaobh na sláinte de má thaistealaíonn tú go dtí an Eoraip gan an EHIC, UK GHIC nó UK EHIC nua atá agat cheana, agus más gá duit cóireáil a fháil le linn do chuairte.

Tabharfaidh PRC an clúdach céanna duit agus a gheofá le EHIC, UK GHIC nó UK EHIC nua atá agat cheana go dtí go bhfilleann tú abhaile.

Chun iarratas a dhéanamh ar PRC, téigh i dteagmháil le Seirbhísí Cúraim Sláinte NHS i dTír eile.


null

Sonraí teagmhála do dhaoine a bhfuil EHIC acu arna n-eisiúint sa Ríocht Aontaithe agus a dteastaíonn cóireáil uathu nuair atá siad i dtír eile.

Seirbhísí Cúraim Sláinte i dTír eile:
Teil: 0191 218 1999 (ón Ríocht Aontaithe)
+44 191 218 1999 (ó thír eile)

Cuir isteach an athuair ar chárta a cailleadh nó a goideadh nuair atá tú ar ais sa Ríocht Aontaithe.

An leathanach seo a chomhroinnt: