Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Cead cónaithe

Oibrithe

Daoine atá fostaithe i dtír eile san AE, tá cead acu cónaí ansin. Tá cead ag lorgairí post fanacht i dtír eile fad is atá post á lorg acu. (Féach an ceart chun post a lorg)

Féadfaidh an tír aíochta a cheangal orthu, mar "oibrithe imirceacha AE"", clárú leis na húdaráis mar chónaitheoirí. (Féach Treoir 2004/38/CE )

Foirmiúlachtaí eile dlí agus riaracháin, braitheann siad ar fhad an lonnaithe – suas go dtí 3 mhí, breis is 3 mmhí nó buan.

Baill teaghlaigh

Na baill seo a leanas de theaghlach oibrí, tá ceart cónaithe acu sa tír chéanna ] , is cuma cad is náisiúntacht dóibh:

  • céile
  • páirtí cláraithe (ar choinníoll go bpléann an tír aíochta le páirtnéireachtaí cláraithe mar choibéisí an phósta)
  • sliochtaigh atá faoi bhun 21 bhliain d’aois nó atá ina gcleithiúnaithe, agus sliochtaigh nó cleithiúnaithe de chuid an chéile nó an pháirtnéara
  • gaolta cleithiúnacha sa líne shinsearach (e.g. tuismitheoirí, seantuismitheoirí), agus gaolta cleithiúnacha de chuid an chéile nó an pháirtnéara

Fairis sin, ní mór do thíortha an AE iontráil agus cónaí na ndaoine seo a leanas a éascú:

  • baill teaghlaigh eile ar cleithiúnaigh iad, nó baill de theaghlaigh an oibrí iad
  • baill teaghlaigh eile ar gá cúram pearsanta dóibh ar fhoras sláinte tromchúiseach
  • páirtí ar cruthaíodh é/í a bheith i gcaidreamh buan leis an oibrí.

I gcás colscartha, pósadh a neamhniú, páirtnéireacht chláraithe a fhoirceannadh, oibrí a éag nó an tír a fhágáil, féadfaidh baill teaghlaigh cead cónaithe a choimeád faoi shainchoinníollacha ar leith.

Foirmiúlachtaí riaracháin

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: