Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

An ceart chun jab a chuardach

Tá sé de cheart ag aon náisiúnach ón AE:

  • post a lorg i dtír eile san AE
  • an cúnamh céanna a fháil ó na hoifigí fostaíochta náisiúnta is a fhaigheann náisiúnaigh na tíre aíochta
  • fanacht sa tír aíochta ar feadh tréimhse sách fada chun obair a lorg, cur isteach ar phost, agus le go n-earcófaí iad.

Ní féidir lorgairí post a dhíbirt má chruthaíonn siad go bhfuil siad fós ar lorg fostaíochta is go bhfuil deis mhaith acu post a fháil.

EURES – Na Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta

Má tá post i dtír eile uait, gheobhaidh tú eolas úsáideach faoi dheiseanna fostaíochta agus faoi choinníollacha maireachtála agus oibre sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (an AE móide an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) ar EURES – na Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta .

 

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: