Gníomhaireachtaí díláraithe
Déanann gníomhaireachtaí díláraithe an Aontais Eorpaigh cúraimí teicniúla, eolaíocha agus bainistíochta a chabhraíonn le hinstitiúidí an Aontais beartais a dhéanamh agus a chur chun feidhme.
Tacaíonn siad freisin leis an gcomhar idir an tAontas Eorpach, na rialtais náisiúnta agus na comhpháirtithe sóisialta trí shaineolas teicniúil agus speisialtóirí a chomhthiomsú.
Bunaítear gníomhaireachtaí díláraithe ar feadh tréimhse éiginnte agus tá siad lonnaithe ar fud an Aontais. Is eagraíocht ar leith gach gníomhaireacht agus bíonn feidhm amháin de chúram uirthi.
Bíonn an Ard-Stiúrthóireacht um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Uilechuimsitheacht ag obair in éineacht leis na ceithre ghníomhaireacht dhíláraithe seo a leanas de chuid an Aontais:
- An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (EUROFOUND), a bhailíonn agus a scaipeann eolas tábhachtach ar chúrsaí oibre agus sóisialta chun tacú le beartais stuama bunaithe ar fhianaise sna réimsí sin.
- An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA), atá dírithe ar áit oibre níos sábháilte, níos sláintiúla agus níos táirgiúla a dhéanamh den Eoraip. Mar shampla, díríonn sí ar rioscaí nua agus rioscaí atá ag teacht chun cinn sa láthair oibre a aithint agus a mheas.
- An Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (CEDEFOP), a thacaíonn le beartais gairmoideachais, gairmoiliúna agus oiliúna inseirbhíse a fhorbairt agus a chabhraíonn lena gcur i bhfeidhm.
- An Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF), a chabhraíonn le tíortha idirlinne agus tíortha i mbéal forbartha, mar chuid de bheartas um chaidreamh seachtrach an Aontais Eorpaigh, athchóiriú a dhéanamh ar chórais oideachais, oiliúna agus an mhargaidh saothair chun an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní daonna atá acu.