Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Cárta Eorpach um Árachas Sláinte – Leagan 14

Cad é féin an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte?

Cárta saor in aisce a thugann rochtain duit ar chúram sláinte stáit atá riachtanach ó thaobh leighis de agus tú ag fanacht go sealadach in aon cheann de 27 mBallstát an Aontais, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis nó sa Ríocht Aontaithe faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcostas céanna (saor in aisce i dtíortha áirithe) le daoine atá árachaithe sa tír sin. Ar na sochair a chlúdaítear tá sochair a chuirtear ar fáil i gcás tinneas ainsealach nó tinneas atá ann cheana, cuir i gcás, agus i gcás toirchis agus breith clainne chomh maith.

Is é do sholáthraí árachais sláinte náisiúnta a eisíonn na cártaí.

Tábhachtach – an Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte:

  • ní rogha eile ar árachas taistil é. Ní chlúdaíonn sé aon chúram sláinte príobháideach ná costais ar nós eitilt fillte chuig do thír dhúchais nó maoin a cailleadh/a goideadh,
  • ní chlúdaítear do chostais más ag taisteal chun críocha sainráite cóir leighis a fháil atá tú,
  • ní ráthaítear leis seirbhísí saor in aisce. Ós rud é gur córas difriúil é córas cúraim sláinte gach tíre, maidir le seirbhísí nach bhfuil costas orthu sa bhaile, b’fhéidir nach mbeidís saor in aisce i dtír eile.

Tabhair do d'aire: má athraíonn tú do ghnáthchónaí go tír eile, is ceart duit foirm S1 a úsáid chun clárú más mian leat cóir leighis a fháil sa tír nua sin, seachas úsáid a bhaint as an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte.

An leathanach seo a chomhroinnt: