Le chéile ar mhaithe leis an inrochtaineacht (Leagan soléite)
Is éard is brí le hinrochtaineacht go bhfuil rudaí agus seirbhísí éasca le húsáid ag daoine faoi mhíchumas.
Mar shampla:
- Nuair a bhíonn rampaí ag foirgnimh agus busanna, bíonn daoine i gcathaoireacha rothaí in ann iad a úsáid gan stró.
- Nuair a bhíonn téacsanna éasca le léamh, is féidir le daoine faoi mhíchumas intleachta iad a thuiscint.
- Nuair a bhíonn leabhráin ar fáil i Braille, bíonn daoine atá dall in ann iad a léamh cosúil le gach duine eile.
- Nuair a chuirtear an nuacht ar an teilifís i láthair i dteanga chomharthaíochta, is féidir le daoine atá bodhar eolas a fháil freisin.
Tá dlíthe déanta ag an Aontas Eorpach chun rudaí agus seirbhísí a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Mar shampla, an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht
Cé go bhfuil dul chun cinn déanta, níl go leor rudaí agus seirbhísí san Eoraip inrochtana go fóill agus ní féidir le daoine faoi mhíchumas iad a úsáid ar an gcaoi chéanna le daoine eile.
I ngeall air sin, bíonn sé deacair orthu páirt a ghlacadh i rudaí atá coitianta do dhaoine eile.
Mar shampla:
- Dul chuig an ollmhargadh
- Obair a dhéanamh in oifig
- Dul chuig an dochtúir
- Bualadh le cairde
- Siopadóireacht a dhéanamh ar líne
Is mian leis an gCoimisiún Eorpach an méid sin a athrú agus a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas gach rud agus gach seirbhís sa phobal a úsáid.
Tá plean oibre leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach do na blianta atá le teacht. Tugtar ‘Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ ar an bplean sin.
Tugtar ‘An Straitéis Eorpach um Míchumas’ air freisin.
Ceann d’aidhmeanna na Straitéise Eorpaí um Míchumas is ea áit níos inrochtana a dhéanamh den Eoraip, áit ar féidir le daoine faoi mhíchumas a saol a chaitheamh gan aon stró.
Sna blianta atá le teacht, déanfaidh an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas:
- Ardán a chruthú ar féidir le tíortha samplaí maithe a chomhroinnt d’inrochtaineacht ar fud na hEorpa. Ar an gcaoi sin, beidh tíortha eile in ann smaointe a fháil maidir le conas rudaí a dhéanamh níos fearr freisin.
- Obair a dhéanamh i gcomhar leis na Ballstáit chun a chinntiú go gcuireann siad inrochtaineacht san áireamh i ngach rud a bhfuil sé beartaithe acu a dhéanamh.
- Seiceáil a dhéanamh ar na dlíthe atá ann maidir le hinrochtaineacht, féach conas a chuirtear i gcleachtas iad agus an bhfuil gá le níos mó dlíthe maidir le hinrochtaineacht.