Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Le chéile ar mhaithe le cultúr, fóillíocht agus spórt cuimsitheach

Leis an spórt cuimsitheach cuirtear dúshlán ar réamhchlaontaí fadbhunaithe faoi mhíchumas. Agus leis an ealaín chuimsitheach agus leis an gcultúr cuimsitheach cuirtear ar chumas daoine faoi mhíchumas an áit is dual dóibh mar chruthaitheoirí agus mar thomhaltóirí an chultúir lena múnlaítear ár sochaí a bheith acu. Tá rochtain ar chultúr agus ar fhóillíocht ríthábhachtach dár bhfolláine agus tugtar deis do go leor againn ról iomlán a bheith againn inár bpobal áitiúil. Ach, i bhfad rómhinic, coinnítear daoine faoi mhíchumas amach as na réimsí sin den tsochaí trí bhonneagar nó seirbhísí neamh-inrochtana nach bhfuil in oiriúint dá riachtanais. Tá Straitéis deich mbliana maidir le cearta daoine faoi mhíchumas an Choimisiúin anseo chun sin a athrú. Is féidir linn cuidiú le chéile lena chinntiú go mbeidh gach duine ábalta na roghanna céanna a dhéanamh.

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo.

An ceart chun dul i mbun pé rud a bhfuil dúshuim againn ann

Bean óg agus bean scothaosta atá faoi mhíchumas intleachta i mbun ióga amuigh faoin aer. Téacs ag rá: le chéile ar mhaithe le cultúr, fóillíocht agus spórt cuimsitheach, #EUDisabilityRights, #UnionOfEquality.

Ba cheart go mbeimis go léir ábalta dul i mbun pé rud a bhfuil dúshuim againn ann gan bheith sainithe ag míchumas. An déagóir a bhfuil deacrachtaí foghlama acu ar breá leo bheith ag damhsa, an t-iarshaighdiúir agus an teascach ar mian leo tosú ag rothaíocht go hiomaíoch arís nó an bhean ar a bhfuil pairilis cheirbreach ar mian léi bheith ina bean ghrinn: tá an ceart ag na daoine sin go léir rochtain a fháil ar an oiliúint agus ar an tacaíocht a theastaíonn uathu a n-aisling a fhíorú. Tríd an Straitéis tá an Coimisiún Eorpach agus tíortha AE tiomanta do shraith gníomhaíochtaí chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas taisteal le haghaidh fóillíochta agus rochtain a fháil ar ghníomhaíochtaí spóirt agus cultúrtha ar fud na hEorpa.

Áirítear leo sin:

  • Saothar ealaíontóirí faoi mhíchumas a chur chun cinn.
  • Láithreáin oidhreachta cultúrtha a dhéanamh inrochtana, le hairgead ó chláir de chuid AE amhail an Eoraip Chruthaitheach.
  • Dul i ngleic le steiréitíopaí míchumais sna meáin agus sna scannáin, le cuidiú ó dhlí AE atá ann cheana maidir le hidirdhealú agus dínit.
  • Turasóireacht inrochtana a chur chun cinn trí thionscnaimh amhail Gradaim le haghaidh Phríomhchathair na hEorpa um Thurasóireacht Chliste.
  • Oibriú le heagraíochtaí spóirt chun spóirt a dhéanamh níos cuimsithí.

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: