Cosán nascleanúna

Soláthar poiblí in IMI

Soláthar poiblí in IMI

Beidh na húdaráis in ann:

  • deireadh a chur le haon ábhar amhrais i dtaobh iontaofacht doiciméid nó deimhnithe a chuireann an tairgeoir ar fáil
  • seiceáil go bhfuil na sonraíochtaí teicniúla is gá ag comhlacht (is é sin go gcomhlíonann sé na caighdeáin náisiúnta, go bhfuil an lipéadú cuí déanta aige agus na measúnuithe comhréireachta is gá aige, etc.) nó go bhfuil sé oiriúnach don chonradh i dtrácht
  • fíorú nach bhfuil aon chúis ann le conraitheoir, soláthróir nó soláthraí seirbhíse a eisiamh (ar ciontaíodh i gcalaois é mar shampla)
  • an fhaisnéis a dheimhniú a cuireadh isteach cheana i bhféindearbhúchán caighdeánach Eorpach maidir le tairiscint.

Tá tuilleadh eolais sa bhileog eolaispdf(343 kB) Roghnaigh aistriúcháin an naisc roimhe seo.  agus sa tacar ceisteanna faoi sholáthar poiblípdf(294 kB) Roghnaigh aistriúcháin an naisc roimhe seo.  atá ullmhaithe againn.

Rochtain ar IMI

Ní féidir ach le húsáideoirí atá cláraithe rochtain a fháil ar Chóras
Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI).

Córas oiliúna IMI

Mura bhfuil aon taithí agat ar IMI agus más mian leat cleachtadh a fháil ar an gcóras, is féidir leat ár gcóras oiliúna a úsáid.

Chuige sin, ní foláir duit clárú

Níl tú cláraithe fós?

Beidh ar chomhordaitheoir náisiúnta IMI d'iarratas ar chlárú a cheadú. Ní féidir ach le húdaráis inniúla iarratas a dhéanamh ar chlárú in IMI.