SCILEANNA A FHORBAIRT DON MHARGADH SAOTHAIR - Comhar Eorpach sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, 2015-2020
Tugtar míniú sa bhileog seo ar conas a fheabhsaíonn AE agus a chomhpháirtithe an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint (GG) lena ndéanamh ábhartha do mhargaí saothair reatha agus amach anseo. Táthar ag súil go spreagfar fostaíocht agus fás leis an bhfoghlaim bhunaithe ar obair, rochtain ar GG, oiliúint leanúnach do mhúinteoirí agus aithint scileanna agus cáilíochtaí. Leagtar amach na bunúis don phróiseas seo leis an gClár Scileanna Nua agus le Conclúidí Ríge. Déanfaidh Cedefop agus ETF monatóireacht ar an dul chun cinn maidir leis na spriocanna atá leagtha síos a bhaint amach.
Catalóg N. : KE-02-16-623-GA-N