Le chéile ar mhaithe le rannpháirtíocht
Is ionann vóta a chaitheamh agus rogha a dhéanamh cé na daoine a dhéanfaidh ionadaíocht ort, cé a dhéanfaidh cinntí agus cé a cheapfaidh dlíthe san Eoraip.
Is ionann seasamh i dtoghcháin agus iarradh ar dhaoine vóta a chaitheamh duit ionas gur féidir leat ionadaíocht a dhéanamh orthu, cinntí a dhéanamh agus dlíthe a cheapadh san Eoraip.
Tá an ceart chun vóta a chaitheamh agus seasamh i dtoghcháin an-tábhachtach do gach duine.
Ba cheart go mbeadh an ceart ag daoine faoi mhíchumas vóta a chaitheamh agus seasamh i dtoghcháin freisin.
Tá a nguth chomh tábhachtach céanna le guth gach duine eile!
Ar an drochuair, ní féidir le go leor daoine faoi mhíchumas san Eoraip vóta a chaitheamh ná seasamh i dtoghcháin ar nós daoine eile. Is é seo a leanas cuid de na fáthanna féideartha leis sin:
- Níl toghcháin inrochtana dóibh. Mar shampla, mura bhfuil fáisnéis éasca le léamh, seans nach dtuigfidh daoine faoi mhíchumas intleachta conas vóta a chaitheamh. Nó mura bhfuil rampaí ar fáil sna foirgnimh ina mbíonn toghcháin ar siúl, seans nach mbeidh daoine i gcathaoireacha rothaí in ann vóta a chaitheamh.
- Níl cead ag go leor daoine faoi mhíchumas vóta a chaitheamh ná a gcinntí féin a dhéanamh sa saol.
Ar an gcaoi sin, fágtar daoine faoi mhíchumas ar lár.
Ní thugtar cluas dóibh.
Is mian leis an gCoimisiún Eorpach é sin a athrú.
Tá plean oibre leagtha amach aige do na blianta atá le teacht chun rudaí a dhéanamh níos fearr do dhaoine faoi mhíchumas.
Tugtar ‘Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ ar an bplean sin. Tugtar ‘An Straitéis Eorpach um Míchumas’ air an bplean sin freisin.
Ceann d’aidhmeanna na Straitéise Eorpaí um Míchumas is ea deimhin a dhéanamh de gur féidir le daoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh i dtoghcháin cosúil le gach duine eile.
I measc nithe eile, sna blianta atá le teacht, déanfaidh an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas:
- Oibreoidh sé leis na Ballstáit chun a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas vóta a chaitheamh agus seasamh i dtoghcháin.
- Samplaí maithe de thoghcháin inrochtana a chomhroinnt agus smaointe a thabhairt maidir le conas is féidir an méid sin a bhaint amach.
- Faisnéis faoi thoghcháin a dhéanamh inrochtana ionas go mbeidh gach duine faoi mhíchumas in ann a thuiscint conas is féidir leo páirt a ghlacadh.
- Deimhin a dhéanamh de go gcuirtear toghcháin in oiriúint do riachtanais daoine faoi mhíchumas ionas gur féidir leo páirt a ghlacadh cosúil le gach duine eile.