Le chéile ar mhaithe le maireachtáil neamhspleách (Leagan soléite)
Ba cheart dúinn a bheith in ann a chinneadh cén áit, conas agus cé lena mbíonn cónaí orainn.
Ar an drochuair, i gcás go leor daoine faoi mhíchumas san Eoraip, ní bhíonn na roghanna sin acu. Ní féidir leo maireachtáil go neamhspleách cosúil le daoine eile ar na cúiseanna seo a leanas:
- Ní fhaigheann siad an tacaíocht cheart chun gur féidir leo maireachtáil go neamhspleách agus páirt a ghlacadh sa phobal.
- Is iomaí rud nach bhfuil inrochtana agus ní féidir le daoine faoi mhíchumas iad a úsáid ar an gcaoi chéanna le daoine eile.
- Tá cónaí ar go leor daoine faoi mhíchumas in institiúidí agus ní féidir leo a gcinntí féin a dhéanamh sa saol.
Is mian leis an gCoimisiún Eorpach an méid sin a athrú agus cuidiú le daoine faoi mhíchumas maireachtáil go neamhspleách agus páirt a ghlacadh sa phobal.
Tá plean oibre leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach do na blianta atá le teacht. Tugtar ‘Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ ar an bplean sin. Tugtar ‘An Straitéis Eorpach um Míchumas’ air freisin.
Ceann d’aidhmeanna na Straitéise Eorpaí um Míchumas is ea a chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas san Eoraip maireachtáil go neamhspleách.
Sna blianta atá le teacht, oibreoidh an Coimisiún Eorpach chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- An tacaíocht cheart a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas chun go mbeidh siad in ann maireachtáil go neamhspleách agus a gcinntí féin a dhéanamh sa saol. Mar shampla, duine tacaíochta a bheith acu chun cabhrú leo ina saol laethúil, nó dochtúir a fháil sa bhaile nuair nach féidir leo dul go dtí an t-ospidéal.
- Ról tábhachtach daoine tacaíochta a aithint agus sochair a thabhairt dóibh le go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh ag déanamh a gcuid oibre.
- Cuidiú le daoine faoi mhíchumas teach a fháil atá curtha in oiriúint do na riachtanais atá acu.
- Deimhin a dhéanamh de gur féidir le daoine faoi mhíchumas maireachtáil sa phobal.