Le Chéile ar Mhaithe le Cearta (Leagan soléite)
Leanann an Coimisiún Eorpach de bheith ag obair chun a chinntiú gur féidir le gach duine faoi mhíchumas tairbhiú dá gcearta agus páirt a ghlacadh sa phobal.
Tá plean déanta aige ina luaitear an dóigh a n-oibreoidh sé chun cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint sna blianta amach romhainn.
‘An Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ is ainm don phlean. I mbeagán focal, ‘an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas’ a thugaimid uirthi.
Is é an sprioc atá ann áit a dhéanamh den Aontas Eorpach inar féidir le gach duine faoi mhíchumas an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Tairbhiú dá gcearta,
- Na cearta agus na deiseanna céanna sa saol a bheith acu agus a bhíonn ag daoine eile,
- Páirt a ghlacadh sa phobal,
- Cinneadh a dhéanamh maidir le cén áit, cén dóigh agus cé leis a bhfuil siad ag iarraidh a saol a chaitheamh,
- Taisteal gan fadhbanna,
- Agus go gcaithfí go cothrom leo.
Cárta Míchumais an Aontais Eorpaigh
Sprioc eile den Straitéise maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas ná Cárta Míchumais an Aontais Eorpaigh a dhéanamh do thíortha uile an Aontais Eorpaigh.
Le Cárta Míchumais an Aontais Eorpaigh tá sé níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas taisteal chuig tír eile.
A bhuí leis an gcárta sin, féadfaidh tíortha na daoine a aithint mar dhaoine faoi mhíchumas agus roinnt buntáistí a chur ar fáil dóibh maidir le cultúr, spórt agus gníomhaíochtaí eile.
Mar shampla:
- Féadfaidh daoine faoi mhíchumas an cárta sin a úsáid chun lascaine a fháil ar thicéid músaem.
- Féadfaidh daoine faoi mhíchumas intleachta an cárta sin a úsáid chun eolas a fháil atá soléite sothuigthe.
Faoi láthair, ní úsáideann ach 8 dtír san Aontas Eorpach an cárta sin. Dá n-úsáidfeadh gach tír san Aontas Eorpach an cárta sin, bheadh sé níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas an tacaíocht cheart a fháil agus iad ag taisteal nó ag aistriú chuig aon cheann de na tíortha sin.
Le chéile ar son na gceart
Chun an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas a bhaint amach, oibreoidh an Coimisiún Eorpach le heagraíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas. Éistfidh sé lena gcuid tuairimí agus tacóidh sé leis an obair thábhachtach a dhéanann siad.
Áit a dhéanamh den Aontas Eorpach inar féidir le gach duine tairbhiú dá gcearta agus maireachtáil go cothrom, ní le daoine faoi mhíchumas amháin a bhaineann sé sin. Is le cách a bhaineann sé.
Sin an fáth a dtugaimid ‘Le chéile ar son na gceart’ ar ár bhfeachtas.
Toisc gur féidir linn difríocht a dhéanamh le chéile!