Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

An Iodáil

Éigeandáil


null

Dochtúirí

  • Is féidir leat do Chárta bailí Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS) a úsáid más ball den tSeirbhís Sláinte Náisiúnta  (Servizio Sanitario Nazionale – SSN) an dochtúir ar a dtugann tú cuairt, nó má tá comhaontú (‘accreditamento’) aige nó aici leis an tSeirbhís.
  • Níl sé d’oibleagáid ar chleachtóirí príobháideacha glacadh le CEÁS.
  • Bíonn clinicí na ndochtúirí ginearálta ar oscailt ón Luan go dtí an Aoine. Bíonn uaireanta oscailte éagsúla acu, ach go hiondúil bíonn siad ar oscailt ar maidin agus tráthnóna. Ní bhíonn siad ar oscailt ag an deireadh seachtaine ach amháin i gcás éigeandála.
  • Fiú i gcás cúram éigeandála agus dianchúraim, bíonn ranníocaíocht (an sciar pearsanta a dtugtar ticket air) le déanamh ag na hothair as an gcóir leighis .
  • Ní dhéantar aisíocaíocht san Iodáil as na táillí a ghearrtar as seirbhísí leighis. Nuair a fhillfidh tú abhaile, is féidir go mbeidh tú in ann aisíocaíocht a éileamh ar an gciste árachais sláinte nó ar an tseirbhís sláinte a d’eisigh an CEÁS.

Fiaclóirí

  • Is cleachtóirí príobháideacha iad na fiaclóirí san Iodáil agus níl oibleagáid orthu glacadh le CEÁS: mar sin, caithfidh tú an méid iomlán atá ar an mbille a íoc.
  • I gcúinsí práinneacha agus eisceachtúla, nó i gclinicí laistigh d’ospidéil de chuid na Seirbhíse Sláinte Náisiúnta a chuireann cóireáil fiaclóireachta ar fáil, is féidir leat cúram fiaclóireachta a fháil le do CEÁS. Mar sin féin, beidh ort íoc as cuid de chostais na cóireála.

Cóireáil ospidéil

  • Sula bhfága tú an baile, is ceart seiceáil leis an gciste árachais sláinte nó leis an tseirbhís sláinte a d’eisigh do CEÁS an bhfuil tú i dteideal cóireáil a fháil agus tú san Iodáil. B’fhearr i bhfad deimhniú i scríbhinn a fháil uathu.
  • Iarr ar an údarás sláinte áitiúil (‘Azienda sanitaria locale’ nó ‘ASL’) liosta na n-ospidéal atá in SSN, nó a bhfuil comhaontú acu leis, a thabhairt duit.
  • Taispeáin CEÁS bailí ag an ospidéal agus déan deimhin de, sula bhfága tú an t-ospidéal, gur ghlac siad le do CEÁS

Oidis

  • Is féidir leat cógais áirithe a cheannach gan oideas - cuir ceist ar an bpoitigéir. Sa chás sin, ní bheidh an CEÁS ag teastáil.
  • I gcás oidis áirithe, ní bheidh ort ach cuid den táille oidis a íoc, ach beidh cinn eile le híoc ina n-iomláine. Pé scéal é, beidh ort íoc ar an láthair fiú má thaispeánann tú do CEÁS. Má bhíonn amhras ort, cuir ceist ar an bpoitigéir.
  • Taispeáin do CEÁS i gcónaí agus tú ag iarraidh oidis ar dhochtúir a bhaineann le SSN nó a bhfuil comhaontú aige/aici leis. Is ceart é a thaispeáint don phoitigéir freisin nuair a cheannaíonn tú cógais nach bhfuil ar fáil ach le hoideas.
  • Beidh ort an praghas iomlán a íoc as an gcuid is mó de na cógais a fhaightear ar oideas, fiú má thaispeánann tú do CEÁS. Is féidir go dtabharfaidh an institiúid inniúil aisíocaíocht duit tar éis duit filleadh ar do thír féin.
  • Ní dhéantar aisíocaíocht san Iodáil as na táillí oidis. Cuir ceist ar do chiste árachais sláinte nó ar do sheirbhís sláinte tar éis duit dul abhaile.
  • Ní dhéantar aisíocaíocht as cógais ‘thar an gcuntar’ (cógais a dhíoltar gan oideas).

Otharchairr

  • Saor in aisce i gcás éigeandála más le SSN an t-otharcharr nó más le seirbhísí cúraim sláinte é a bhfuil comhaontú acu le SSN.
  • I gcás iompar othair nach éigeandáil é, is féidir go mbeidh ort cuid de na costais, nó na costais ar fad, a íoc.
  • Ní dhéantar aisíocaíocht san Iodáil as táillí na n-otharcharr. Nuair a fhillfidh tú abhaile, cuir ceist ar an gciste árachais sláinte nó ar an tseirbhís sláinte a d’eisigh do CEÁS maidir le haisíocaíocht.

Aerárthach othar

  • Saor in aisce i gcás éigeandála más le SSN an t-otharcharr nó más le seirbhísí cúraim sláinte é a bhfuil comhaontú acu le SSN.
  • I gcás iompar othair nach éigeandáil é, is féidir go mbeidh ort na costais ar fad a íoc.
  • Ní dhéantar aisíocaíocht san Iodáil as táillí na n-otharcharr. Nuair a fhillfidh tú abhaile, cuir ceist ar an gciste árachais sláinte nó ar an tseirbhís sláinte a d’eisigh do CEÁS maidir le haisíocaíocht.

null

  • Ní aisíoctar aon táille san Iodáil.
  • Uair ar bith a bhíonn ort táille (ar a dtugtar ticket) a íoc, ní bheidh tú i dteideal aon aisíocaíocht ar bith a fháil i leith an ticket.
  • Má bhíonn ort íoc as cúram sláinte, cuir ceist ar do chiste árachais sláinte nó ar do sheirbhís sláinte maidir le haisíocaíocht agus tú sa bhaile arís.

null

  • Is féidir go mbeidh ort ranníocaíocht/sciar pearsanta (ar a dtugtar ticket) a íoc as cógas (cuir ceist ar an bpoitigéir).
  • Gearrfar táille i gcás cuairt neamh-éigeandála (ar a dtugtar visita occasionale) ó chleachtóir leighis.
  • Braitheann an táille sin ar an gcineál córa leighis agus ar an réigiúin ina bhfuil tú ag fanacht.
  • Féadfar táille a ghearradh ort as cúram éigeandála mura dtógtar isteach san ospidéal tú. Cuir ceist ar an údarás sláinte áitiúil is gaire duit le tuilleadh eolas a fháil.

null

Seiceáil an bhfuil an chóir leighis infhaighte cúpla seachtain sula dtaistealaíonn tú le bheith cinnte go bhfaighidh tú cóir shásúil agus go mbeidh tú ar an eolas faoin gcostas. Téigh i dteagmháil leis an údarás sláinte áitiúil is gaire don áit ina mbeidh tú ag fanacht.


null

  • De ghnáth ní ar iarraidh a eisítear CEÁS. Eisítear go huathoibríoch é ar chuntar go gcomhlíonann an duine na coinníollacha dlíthiúla lena chlárú. Ní eisítear CEÁS do dhaoine nach bhfuil (i dteideal a bheith) cláraithe i gcóras cúraim sláinte na hIodáile.
  • Daoine a bheidh ag fanacht go sealadach san Iodáil, ba chóir dóibh SEÁC a iarraidh ar a n-údarás inniúil féin sula dtaga siad go dtí an Iodáil faoi choinne fanacht shealadach.
  • Eisítear go huathoibríoch é do na daoine atá i dteideal é a fháil (ar chuntar go bhfuil siad i dteideal bheith ina gcónaí san Iodáil agus go bhfuil fíorchónaí orthu inti).
  • Tá tú i dteideal CEÁS a fháil más rud é go raibh tú cláraithe roimhe seo i gceann de na húdaráis áitiúla (ASL) a bhaineann leis an tSeirbhís Sláinte Náisiúnta.

null

Téigh i dteagmháil leis na húdaráis sláinte áitiúla le tuilleadh eolas a fháil.


null

Má chailltear nó má ghoidtear CEÁS, moltar do na sealbhóirí dul i dteagmháil leis an údarás inniúil ina dtír féin, agus tá oibleagáid orthu gearán a dhéanamh leis na póilíní san áit ina bhfuil siad ag fanacht san Iodáil ionas nach mbeidh aon duine eile in ann calaois a dhéanamh leis an gcárta.

  • Má chailltear nó má ghoidtear do chárta, tabhairt tuairisc do na póilíní láithreach.
  • Ba chóir duit deimhniú ionaid sealadach a iarraidh ar an institiúid inniúil a d’eisigh an CEÁS. Ba chóir duit an deimhniú sin a thaispeáint san Iodáil chun na seirbhísí sláinte atá luaite thuas a fháil.
  • I gcás éigeandála, féadfar an deimhniú sin a chur chuig an údarás sláinte áitiúil nó an ospidéal is cóngaraí san Iodáil trí fhacs nó trí ríomhphost.

An leathanach seo a chomhroinnt: