Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Sochair theaghlaigh

Tá a gcuid sochair theaghlaigh féin ag gach tír. Nuair a bhíonn cónaí ort san AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua nó san Eilvéis, roghnaítear an tír atá freagrach as do chuid sochair a sholáthar bunaithe ar imthosca do theaghlaigh.

Tá cónaí ar do theaghlach go léir sa tír chéanna

Má tá cónaí ar do theaghlach go léir sa tír ina bhfuil tú árachaithe, is í an tír seo atá freagrach as do chuid sochar. 

Tá cónaí ort agus ar do theaghlach i dtíortha difriúla

Mura bhfuil cónaí ar do theaghlach sa tír ina bhfuil tú árachaithe, d'fhéadfadh do theaghlach a bheith i dteideal sochair a fháil i níos mó ná tír amháin. Ní bhfaighidh tú sochair dhúbailte: úsáidtear "rialacha tosaíochta" chun an tír a roghnú a bheidh freagrach as na sochair a sholáthar.

Faigh amach faoi do chearta de réir tíre

Na rialacha tosaíochta

  • I gcoitinne, is í an tír atá freagrach as na sochair a sholáthar ná an tír ina bhfuil do cheart teaghlaigh bunaithe ar an bhfostaíocht nó ar an bhféinfhostaíocht.
  • Má tá do cheart bunaithe ar an bhfostaíocht nó ar an bhféinfhostaíocht san dá thír, is í an tír atá freagrach ná an tír ina bhfuil cónaí ar do leanaí, má tá duine de na tuismitheoirí ag obair ann. I gcásanna eile, beidh an tír ina n-íoctar na sochair is airde freagrach.
  • Má tá do cheart bunaithe ar phinsean san dá thír, is í an tír atá freagrach ná an tír ina bhfuil cónaí ar do leanaí, má íocann an tír seo ceann de na pinsin. I gcásanna eile, beidh an tír ina raibh tú árachaithe nó ina raibh cónaí ort den chuid is mó freagrach.
  • Má tá do cheart bunaithe ar a bheith i do chónaí san dá thír, is í an tír atá freagrach ná an tír ina bhfuil cónaí ar do leanaí.

Forlíontaí

D'fhéadfadh na sochair a fhaigheann tú ón tír inniúil a bheith níos ísle ná na sochair a d'fhéadtá a fháil ón tír eile ina raibh cearta agat. Más amhalduh an scéal, íocfaidh an tír eile forlíonadh arb ionann é agus an difríocht idir an dá shochar.

D'imthosca a mheas

Cuirtear na rialacha seo i bhfeidhm iarbhír ag brath ar gach cás ar leith. Déan teagmháil le d'institiúid árachais chun tuilleadh mionsonraí a fháil. 
Bain úsáid as ár n-eolaire chun institiúid teagmhála a aimsiú

Tuilleadh faisnéise

Scrúdaigh ár gceisteanna coitianta chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: