Gairm ar scéalta dearfacha maidir le cóiríocht réasúnach do dhaoine faoi mhíchumas
An fostóir san AE thú a bhfuil bearta déanta agat chun cóiríocht a chur ar fáil d’oibrithe atá faoi mhíchumas? Ba bhreá leis an gCoimisiún do scéal a chloisteáil.
© Shutterstock / sylv1rob1
Tá leabhrán á fhoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach ina mbailítear scéalta dearfacha faoi chóiríocht réasúnach a bheith á cur ar fáil san ionad oibre do dhaoine faoi mhíchumas, mar chuid den fheachtas múscailte feasachta a bhfuil sé mar aidhm leis idirdhealú a chomhrac.
Tá samplaí seolta chugainn cheana féin ag roinnt fostóirí ó Bhallstáit ar eagraíodh imeachtaí áitiúla iontu.
D’fhonn a chinntiú go bhfuil an oiread samplaí agus is féidir ag an gCoimisiún Eorpach, tá cuireadh á thabhairt againn d’fhostóirí AE an ghairm seo a fhreagairt ionas go mbeidh an oiread samplaí agus is féidir againn chun fostóirí ar fud an AE a spreagadh.
Cé a bheidh rannpháirteach?
- Fostóirí a bhfuil roinnt dá bhfostaithe faoi mhíchumas
- Fostóirí a bhfuil cóiríocht réasúnach i bhfeidhm acu san ionad oibre d’fhostaithe faoi mhíchumas
Conas is féidir a bheith rannpháirteach?
- Líon isteach an doiciméad thíos (i mBéarla) agus seol chuig foireann an fheachtais frith-idirdhealaithe faoi lár mhí Aibreáin.
Má tá aon cheist eile agat faoin bhfeachtas, seol ríomhphost chuig EMPL DISC mailbox.