Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta

I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta leagtar amach 20 croíphrionsabal agus ceart atá ríthábhachtach do chothroime agus dea-fheidhmiú na margaí saothair agus na gcóras cosanta sóisialta.

Le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta déantar gníomhaíochtaí nithiúla de na Prionsabail, gníomhaíochtaí a rachaidh chun tairbhe do na saoránaigh. Moltar ann freisin príomhspriocanna a bheidh le baint amach ag an Aontas faoi 2030.

Is freagracht chomhroinnte institiúidí an Aontais, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta é Colún na gCeart Sóisialta a fhíorú.

Trí sprioc uaillmhianacha de chuid an Aontais faoi 2030

78 %
Fostaíocht
ba cheart 78% ar a laghad den daonra idir 20 bliain agus 64 bliana d’aois a bheith i bhfostaíocht faoi 2030
60 %
Oiliúint
ba cheart ar a laghad 60% de dhaoine fásta a bheith rannpháirteach i gcúrsaí oiliúna gach bliain faoi 2030
15 mhilliún
An bhochtaineacht a laghdú
laghdú 15 mhilliún ar a laghad ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta

 

Na prionsabail a fhíorú

Staid na himeartha faoi láthair

  • Mar gheall ar ghéarchéim an choróinvíris, cuireadh stad leis an dul chun cinn dearfach a bhí déanta le sé bliana anuas i leith na fostaíochta. 72.4% ab ea an ráta fostaíochta sa tríú ráithe de 2020.
  • Faoi 2016, ní raibh ach 37% de dhaoine fásta ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí foghlama ar bhonn bliantúil.
  • Léirítear i bhfigiúirí Eurostat go raibh níos mó ná duine as gach cúigear san Aontas i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta in 2021 (21.7% den daonra, nó 95.4 milliún duine). 24.4% ab ea an ráta bochtaineachta leanaí.

Spriocanna náisiúnta

Chuir airí fostaíochta agus gnóthaí sóisialta an Aontais a spriocanna náisiúnta i láthair an 16 Meitheamh 2022. I dteannta a chéile, le gealltanais na mBallstát leagtar an tAontas Eorpach go daingean ar an gconair chun príomhspriocanna an Aontais a bhaint amach, nó dul tharstu go fiú.

Tuairimí mhuintir na hEorpa faoin Eoraip Shóisialta

“Ba cheart go mbeadh sé éasca rudaí beaga praiticiúla a dhéanamh, cuir i gcás dioplóma a fháil bailíochtaithe, uimhir shóisialta a fháil, riarachán tuarastal agus gach a mbaineann le haistriú ó Bhallstát amháin den Aontas go ceann eile.”

Pascal, an Ísiltír

 

“Táimse ag obair i gcuideachta a thugann tús áite don éagsúlacht agus don lánpháirtiú agus ina ndéantar iarracht mhór chun claontachtaí a sheachaint atá bunaithe ar inscne nó ar aon éagsúlacht eile. Measaim gur cheart don Aontas breathnú ar na samplaí sin, ó tharla go bhfuil smaointe iontacha againn a d’fhéadfaí a úsáid i gcuideachtaí eile.”

Alexandra, an Rómáin

 

“Ba cheart go mbeadh sé éasca tarraingteach a bheith féinfhostaithe san Eoraip, mar an gcéanna le post, oiliúint nó pinsean. Ar an lámh amháin, d’fhéadfadh ioncam níos fearr a bheith mar thoradh air sin, agus ar an lámh eile, beidh suim ag daoine de gach aois, idir óg agus aosta, ann agus cruthófar nasc eatarthu, thar teorainneacha náisiúnta.”

Wolfgang, an Ostair

Comhairliúchán poiblí

Is cuid iad na teistiméireachtaí sin de chomhairliúchán poiblí ar mhórscála, ina bhfuarthas níos mó ná 1,000 aighneacht i scríbhinn ó Bhallstáit, réigiúin, cathracha, páirtithe sóisialta, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, eagraíochtaí idirnáisiúnta, gnólachtaí, meithleacha machnaimh agus saoránaigh. Ina theannta sin, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le níos mó ná 1,500 príomhpháirtí leasmhar, Parlaimint na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún ina measc, trí sheimineáir thiomnaithe ar líne. Tá torthaí an chomhairliúcháin sin curtha san áireamh sa Phlean Gníomhaíochta.

Suirbhé Eorabharaiméadair

Measann naonúr as gach deichniúr Eorpach (88%) go bhfuil Eoraip shóisialta tábhachtach dóibh féin go pearsanta, de réir shuirbhé de chuid Eorabharaiméadair a rinneadh in 2021 maidir le ceisteanna sóisialta.

Tuilleadh eolais faoin suirbhé Eorabharaiméadair

Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto agus Gealltanas Sóisialta Porto

Leis an gCruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto an 7-8 Bealtaine 2021, rud a bhí á eagrú ag Uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle, cuireadh deis ar fáil athdhearbhú a dhéanamh ar an tiomantas agus an uaillmhian tús áite a thabhairt do na daoine maidir le téarnamh na hEorpa agus níos faide anonn. Deis a bhí sa Chruinniú Mullaigh Sóisialta in Porto freisin chun na grúpaí éagsúla a spreagadh leis an ngealltanas a athnuachan, ar an leibhéal polaitiúil is airde, an Colún Sóisialta a chur chun feidhme.

An 7 Bealtaine chláraigh na comhpháirtithe le trí phríomhsprioc 2030 a leagadh amach i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta i nGealltanas Sóisialta Porto comhpháirteach.

An 8 Bealtaine ghlac comhaltaí na Comhairle Eorpaí Dearbhú Porto maidir le gnóthaí sóisialta.

An 25 Meitheamh ba dhíol sásaimh don Chomhairle Eorpach príomhspriocanna an Aontais i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, i gcomhréir le Dearbhú Porto.

Guthanna ó gach cearn den Eoraip ag Cruinniú Mullaigh Sóisialta Porto

Charles Michel
“Do na daoine sin a deir go bhfuil an Eoraip shóisialta dofheicthe, déarfainn go bhfuil sí chomh dofheicthe leis an aer a análaímid. Tá an t-aer sin dofheicthe ach tá sé ríthábhachtach do bheatha an duine.”
David Maria Sassoli
“Níor cheart gur ceann scríbe é Cruinniú Mullaigh Porto, ach túsphointe chun téarnamh sóisialta a bhaint amach.”
Mario Draghi
“Ní mór dúinn spriocanna agus garspriocanna an Cholúin a chumhdach sa Seimeastar Eorpach.”
Emmanuel Macron
“Mar Eorpaigh, táimid ag múnlú na freagartha ar an ngéarchéim atá os ár gcomhair: freagairt shóisialta, i gcomhréir lenár luachanna.”

 

Teacht le chéile chun Eoraip níos sóisialta a chur ar fáil

Is tiomantas agus freagracht pholaitiúil chomhroinnte de chuid Institiúidí an Aontais, údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a thabhairt i gcrích, agus tá ról acu go léir i gcomhréir lena n-inniúlachtaí.

Ba cheart do na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na cistí gan fasach de chuid an Aontais atá ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí: buiséad an Aontais, NextGenerationEU, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, agus tuilleadh

Chun an Colún a chur chun feidhme, tá sé ríthábhachtach go mbeidh údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta páirteach ann.
Is ceart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an Seimeastar Eorpach chun athchóirithe agus infheistíochtaí eacnamaíocha, fostaíochta agus sóisialta a chomhordú, lena dtugtar tús áite do dhaoine agus dá bhfolláine.
Gníomhaíocht threorach agus idirnáisiúnta an Aontais sa réimse sóisialta, cuidíonn sé chun ról an Aontais mar cheannaire domhanda freagrach a dhearbhú, rud a chuireann obair chuibhiúil agus an cuimsiú sóisialta chun cinn ar fud an domhain.

Amlíne agus príomhghníomhaíochtaí

Sa phlean gníomhaíochta leagtar amach roinnt gníomhaíochtaí de chuid an Aontais atá an Coimisiún tiomanta a dhéanamh faoin sainordú reatha (go dtí deireadh 2024), lena gcuirfear leis an iliomad gníomhaíochtaí atá déanta cheana féin ó fógraíodh Colún Eorpach na gCeart Sóisialta in Göteborg na Sualainne in 2017. Is é an Plean Gníomhaíochta an bealach ina gcuirfidh an Coimisiún le fíorú phrionsabail an Cholúin Shóisialta.

  1.  
    An méid atá bainte amach cheana féin sa tríú ráithe de 2021
  2.  
    2024
    An chéad mheastóireacht ar an Údarás Eorpach Saothair
  3.  
    2025
    Athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta

 

An leathanach seo a chomhroinnt: