Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Foireann uirlisí cumarsáide (Leagan soléite)

An scéal a scaipeadh ar na meáin shóisialta
Tá cuidiú uait ag teastáil dár bhfeachtas
‘Le chéile ar son na gceart’.
Ba mhaith linn go gcuideofá linn an scéal a scaipeadh
maidir le cearta daoine faoi mhíchumas
ar na meáin shóisialta.
Mar shampla:
Facebook, Instagram, Twitter, LinkedIn.

Is féidir leat teacht ar théacsanna agus íomhánna thíos
le húsáid ar na meáin shóisialta
chun topaicí éagsúla a bhaineann lenár bhfeachtas a phlé.

Is féidir na téacsanna agus na híomhánna uile a úsáid saor in aisce.
Is féidir iad a chóipeáil go héasca agus iad a chur ar na meáin shóisialta
nó is féidir leat do smaointe a roinnt i d’fhocail féin.

Ná déan dearmad na haischlibeanna
#EUDisabilityRights agus #UnionOfEquality a úsáid.

Plean an Aontais Eorpaigh chun an saol a fheabhsú
do dhaoine faoi mhíchumas

Chun an scéal a scaipeadh maidir leis an topaic seo,
is féidir leat an íomhá agus an téacs thíos a chóipeáil
agus iad a chur ar na meáin shóisialta:

Déanaimis den Aontas Eorpach áit
ina bhfuil na deiseanna céanna ag gach duine sa saol
agus ina dtairbhíonn siad dá gcearta!
Féach ar an méid atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach
chun é sin a bhaint amach:
https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Oideachas agus obair

Chun an scéal a scaipeadh maidir leis an topaic seo,
is féidir leat an íomhá agus an téacs thíos a chóipeáil
agus iad a chur ar na meáin shóisialta:

Ní bhíonn deis ag go leor daoine faoi mhíchumas
staidéar a dhéanamh,
a scileanna a fheabhsú ná post a fháil.
Féach ar an méid atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach
le cinntiú go bhfuil na deiseanna céanna chun a bheith ag staidéar agus ag oibriú
ag gach duine:
https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Maireachtáil neamhspleách

Chun an scéal a scaipeadh maidir leis an topaic seo,
is féidir leat an íomhá agus an téacs thíos a chóipeáil
agus iad a chur ar na meáin shóisialta:

Ba cheart an ceart a bheith ag gach duine rogha a dhéanamh
maidir le cén áit, cén dóigh agus cé leis a bhfuil siad ag iarraidh a saol a chaitheamh.
Féach ar an méid atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach chun é sin a bhaint amach:
https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

An ceart vóta a chaitheamh agus seasamh i dtoghcháin

Chun an scéal a scaipeadh maidir leis an topaic seo,
is féidir leat an íomhá agus an téacs thíos a chóipeáil
agus iad a chur ar na meáin shóisialta:

Ba cheart an ceart a bheith ag gach duine vóta a chaitheamh
agus seasamh i dtoghcháin.
Faoi láthair, ní féidir le go leor daoine faoi mhíchumas sa Eoraip
tairbhiú den cheart sin.
Féach ar an méid atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach
chun é sin a athrú:
https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Inrochtaineacht

Chun an scéal a scaipeadh maidir leis an topaic seo,
is féidir leat an íomhá agus an téacs thíos a chóipeáil
agus iad a chur ar na meáin shóisialta:

A bhuí leis an Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht,
beidh rochtain ar go leor rudaí agus seirbhísí san Eoraip
ag daoine faoi mhíchumas.
Féach ar an méid atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach
chun é sin a bhaint amach:
https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Cultúr agus spórt

Chun an scéal a scaipeadh maidir leis an topaic seo,
is féidir leat an íomhá agus an téacs thíos a chóipeáil
agus iad a chur ar na meáin shóisialta:

Sna blianta atá le teacht,
oibreoidh an tAontas Eorpach chun cultúr agus spórt
a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas.
Faigh amach conas a dhéanfar sin: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Leabhrán: Le chéile ar son na gCeart 

Chuireamar bileog le chéile maidir lenár bhfeachtas 
‘Le chéile ar son na gCeart’. 

Sa bhileog sin, mínítear: 

  • Cad é an staid reatha  do dhaoine faoi mhíchumas san Eoraip? 
  • Céard atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas? 
  • Cad é bunús an fheachtais ‘Le chéile ar son na gceart’?
  • Conas is féidir leat a bheith páirteach ann?

Is féidir leat féachaint ar an mbileog ar líne anseo.
Is féidir leat leagan PDF den bhileog a fháil freisin agus é a phriontáil amach. 

Físeáin

Is féidir leat ár bhfíseáin a roinnt ar na meáin shóisialta freisin.
Dírítear ar thopaic éagsúil i ngach físeán
maidir le cearta daoine faoi mhíchumas.

Agus na físeáin á roinnt agat ar na meáin shóisialta,
ná déan dearmad na haischlibeanna
#EUDisabilityRights agus #UnionOfEquality a úsáid.

Físeán 1

I bhFíseán 1, pléitear an méid atá beartaithe ag an Aontas Eorpach
maidir le hobair a dhéanamh sna blianta atá le teacht chun
cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn.
Chun an físeán seo a roinnt,
déan an nasc agus na haischlibeanna thíos a chóipeáil
agus cuir ar na meáin shóisialta iad:

https://audiovisual.ec.europa.eu/en/video/I-229002
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Físeán 2

Pléitear an ceart chun staidéar a dhéanamh agus post a fháil i bhFíseán 2.
Chun an físeán seo a roinnt,
déan an nasc agus na haischlibeanna thíos a chóipeáil
agus cuir ar na meáin shóisialta iad:

https://audiovisual.ec.europa.eu/en/video/I-235613
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Físeán 3

Pléitear an ceart chun maireachtáil go neamhspleách i bhFíseán 3.
Chun an físeán seo a roinnt,
déan an nasc agus na haischlibeanna thíos a chóipeáil
agus cuir ar na meáin shóisialta iad:

https://audiovisual.ec.europa.eu/en/video/I-245516
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Físeán 4

Pléitear an ceart chun vóta a chaitheamh i bhFíseán 4
agus an ceart chun seasamh i dtoghcháin.
Chun an físeán seo a roinnt,
déan an nasc agus na haischlibeanna thíos a chóipeáil
agus cuir ar na meáin shóisialta iad:

https://audiovisual.ec.europa.eu/en/video/I-249566
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Físeán 5

Pléitear inrochtaineacht i bhFíseán 5.
Chun an físeán seo a roinnt,
déan an nasc agus na haischlibeanna thíos a chóipeáil
agus cuir ar na meáin shóisialta iad:

https://audiovisual.ec.europa.eu/en/video/I-245515
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Físeán 6

Pléitear rochtain ar chultúr agus spórt i bhFíseán 6.
Chun an físeán seo a roinnt,
déan an nasc agus na haischlibeanna thíos a chóipeáil
agus cuir ar na meáin shóisialta iad:

https://audiovisual.ec.europa.eu/en/video/I-249571
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: