Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Foireann uirlisí cumarsáide

Glac páirt inár bhfeachtas! Is féidir leat na hábhair seo a úsáid chun an Straitéis Eorpach maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus cearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn. Caithfidh gach duine an scéal a scaipeadh.

Is cearta bunúsacha agus daonna iad sin agus is féidir linn go léir páirt a ghlacadh lena chinntiú gur féidir le daoine faoi mhíchumas a gcearta a úsáid.

Tá na hábhair saor in aisce le húsáid agus tá siad ar fáil i 24 teanga de chuid AE agus leagan Éasca le léamh. Beidh ábhar nua ar fáil go rialta ar líne agus na sé théama á rolladh amach mar sin lean muid ar na meáin shóisialta ag @EU_Social ar Twitter agus Social Europe ar Facebook nó cláraigh dár nuachtlitir chun nuashonruithe rialta a fháil.

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo.

Bileog

Tá bileog an fheachtais ar fáil i bhformáid PDF agus i leagan HTML. Is féidir leat an PDF a íoslódáil agus é a phriontáil do d’eagraíocht.

Físeáin

Feictear an Coimisinéir Dalli agus ár gCosantóirí inár bhfíseáin don fheachtas. Roinn iad ar do mheáin shóisialta leis na haischlibeanna #EUDisabilityRights agus #UnionOfEquality agus taispeáin conas rochtain ar chearta daoine faoi mhíchumas a fheabhsú má ghníomhaítear anois.

Íomhánna 1920x1080

Íomhánna 1080x1080

Postálacha na meán sóisialta

Cuirimis an feachtas ag treochtáil ar na meáin shóisialta!

Bain úsáid as na híomhánna thíos chun do scéal a roinnt agus chun an straitéis a chur chun cinn ar na meáin shóisialta. Ná déan dearmad úsáid a bhaint as haischlibeanna an fheachtais #EUDisabilityRights and #UnionOfEquality agus clibeáil ár gcuntais @EU_Social ar Twitter agus Social Europe Facebook. Lean ár gCosantóirí agus freagair a scéalta agus an straitéis á cur chun cinn acu.

Is féidir úsáid a bhaint as gach íomhá agus téacs ar Facebook, LinkedIn agus Twitter.

Le chéile ar mhaithe le cearta

LinkedIn

Tá #AontasnComhionannais ag croílár AE.
Anuraidh, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas do 2021-2030. Bunaithe ar Choinbhinsiún NA ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, tá sé mar aidhm léi fáil réidh le bacainní agus a chinntiú go mbainfidh daoine faoi mhíchumas leas as cearta agus deiseanna comhionanna i ngach réimse den saol. Leis an gCárta Míchumais AE, mar shampla, tá sé níos éasca do dhaoine faoi mhíchumas rochtain a fháil ar sheirbhísí agus iad ag taisteal nó ag bogadh go tír eile san Aontas Eorpach, i gcúrsaí cultúir, fóillíochta, spóirt agus iompair go príomha. Bunaithe ar an treoirthionscadal rathúil, molfaimid cárta don Aontas Eorpach ar fad.
Le chéile ar mhaithe le cearta: ní mór dúinn go léir oibriú chun an saol a dhéanamh níos córa agus níos cuimsithí do gach duine faoi mhíchumas.
Faigh tuilleadh eolais faoin Straitéis anseo:
https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Facebook

Tá #AontasComhionannais ag croílár an Aontais Eorpaigh.
Anuraidh, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an Straitéis deich mbliana maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas. Gheofar réidh le bacainní léi i ngach réimse den saol. Tá cruthú an Lárionaid Eorpaigh acmhainní um inrochtaineacht ar a dtugtar AccessibleEU ar cheann de thionscnaimh shuaitheanta na straitéise nua.
Le chéile ar mhaithe le cearta: déanaimis an saol níos córa agus níos cuimsithí do gach saoránach Eorpach!
Tabhair cuairt ar ár suíomh gréasáin chun tuilleadh eolais a fháil:
https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Twitter

Tá #AontaisComhionannais ag croí AE.
Le chéile ar mhaithe le cearta: saol níos córa & níos cuimsithí do gach Eorpach.
Téigh ar ár suíomh do thuilleadh eolais faoin Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas
https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Le chéile ar mhaithe le hoideachas cuimsitheach agus deiseanna oibre cuimsitheacha

LinkedIn

Le chéile ar mhaithe le hoideachas cuimsitheach agus deiseanna oibre cuimsitheacha.
Ba chóir go mbeadh rochtain chomhionann ag gach Eorpach, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar oideachas cuimsitheach ardchaighdeáin. Níor cheart caitheamh go héagórach le duine ar bith san ionad oibre. Mar sin féin, tá an iomarca daoine faoi mhíchumas dífhostaithe. Cuirfimid pacáiste fostaíochta i láthair chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas déanamh go maith sa mhargadh fostaíochta
Seo mar a chinntíonn an tAontas cearta comhionanna san oideachas agus san obair: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Facebook

Le chéile ar mhaithe le hoideachas cuimsitheach agus deiseanna oibre cuimsitheacha.
Ba cheart go mbeadh rochtain ag gach Eorpach, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar scoileanna ardchaighdeáin, go bhfaigheadh siad eolas nua agus go bhforbródh siad a gcuid scileanna ar feadh an tsaoil. Níor cheart caitheamh go héagórach le duine ar bith ag an obair. Mar sin féin, tá an iomarca daoine faoi mhíchumas nach bhfuil post acu.
Seo mar a throideann an tAontas le haghaidh cearta comhionanna san oideachas agus san obair: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Twitter

Le chéile ar mhaithe le hoideachas cuimsitheach agus deiseanna oibre cuimsitheacha🙌
Is lú an seans go mbeidh céim ag daoine faoi mhíchumas ná daoine nach bhfuil
Tá seo á athrú ag an AE trí chearta comhionanna a chinntiú https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Le chéile ar mhaithe le maireachtáil neamhspleách

LinkedIn

Le chéile ar mhaithe le maireachtáil neamhspleách.
Beag beann ar mhíchumas duine, tá an ceart againn ar fad ár dteach agus na daoine a bhfuil cónaí orainn leo a roghnú. Ach fós, ní hé sin an cás do gach duine. Tá roinnt daoine faoi mhíchumas ina gcónaí in institiúidí i bhfad ar shiúl óna bpobal agus ní féidir leo a roghanna féin a dhéanamh. Le déanaí, de dheasca paindéim COVID-19 cruthaíodh níos mó deacrachtaí do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sna saininstitiúidí sin. Oibreoidh an AE le tíortha AE lena chinntiú go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas an tacaíocht chuí chun maireachtáil go neamhspleách, chun bheith rannpháirteach ina bpobal, agus chun a roghanna féin a dhéanamh sa saol.
Faigh amach conas atáimid ag tacú le maireachtáil neamhspleách: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Facebook

Le chéile ar mhaithe le maireachtáil neamhspleách.
Beag beann ar mhíchumas duine, tá an ceart againn ar fad cá háit, cén dóigh agus cé leo ar mian linn cónaí a roghnú. Tá roinnt daoine faoi mhíchumas ina gcónaí in ionaid chúraim atá i bhfad ar shiúl óna muintir. Ní bhíonn an tsaoirse ag na daoine sin i gcónaí lena gcinntí féin a dhéanamh. Le déanaí, de dheasca na paindéime cruthaíodh níos mó deacrachtaí do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sna haonaid sin. Oibreoidh an AE le tíortha AE lena chinntiú go bhfaighidh daoine faoi mhíchumas an tacaíocht chuí chun maireachtáil go neamhspleách, chun bheith rannpháirteach ina bpobal, agus chun a roghanna féin a dhéanamh sa saol.
Téigh chuig ár suíomh gréasáin lena fháil amach conas atáimid ag tacú le maireachtáil neamhspleách: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Twitter

Le chéile ar mhaithe le maireachtáil neamhspleách 🏠
Beag beann ar mhíchumas duine, tá an ceart againn ar fad cá háit, cén dóigh agus cé leo ar mian linn cónaí a roghnú.
Faigh amach conas atá sé sin á dhéanamh againn: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Le chéile ar mhaithe le rannpháirtíocht

LinkedIn

Le chéile ar mhaithe le rannpháirtíocht.
Ba cheart go mbeadh an deis ag saoránaigh vótáil nó páirt a ghlacadh i dtoghcháin. Tá obair fós le déanamh chun rannpháirtíocht pholaitiúil a bhaint amach do chách, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas. Tá sé an-tábhachtach go mbeadh gach duine san Aontas ábalta páirt a ghlacadh sa saol daonlathach.
Faigh amach conas atá an tAontas ag cuidiú le tuairim gach uile dhuine a chuimsiú sa pholaitíocht: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Facebook

Le chéile ar mhaithe le rannpháirtíocht.
Cosnaíonn gach tír AE cearta daonlathacha, agus tá rannpháirtíocht i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa ina ceart ag gach saoránach AE. Tá rannpháirtíocht pholaitiúil fós ia dhúshlán do dhaoine faoi mhíchumas. Tá sé an-tábhachtach gur féidir le gach duine páirt iomlán faoi shaoirse a ghlacadh sa saol daonlathach.
Faigh amach conas atáimid ag cuidiú le tuairim gach uile dhuine a chuimsiú i gcúrsaí polaitíochta AE: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Twitter

Le chéile ar mhaithe leis an inrochtaineacht 🗳️
A bhuí leis an Acht AE um Inrochtaineacht, beidh rochtain níos fearr ag daoine faoi mhíchumas ar tháirgí agus seirbhísí tábhachtacha.
Léigh faoi conas atáimid ag baint bacainní: TwitterLink23Characters
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Le chéile ar mhaithe leis an inrochtaineacht

LinkedIn

Le chéile ar mhaithe leis an inrochtaineacht ♿️
Ní féidir talamh slán a dhéanamh den inrochtaineacht. Mar shampla, mura bhfuil suíomh gréasáin ríomhthráchtála inrochtana, ní bheidh daoine faoi mhíchumas ábalta siopadóireacht a dhéanamh ar líne. A bhuí leis an Acht Eorpach um Inrochtaineacht, beidh rochtain níos fearr ag daoine faoi mhíchumas ar roinnt táirgí agus seirbhísí tábhachtacha.
Léigh tuilleadh faoi conas atá an tAontas ag fáil réidh le bacainní: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Facebook

Le chéile ar mhaithe leis an inrochtaineacht ♿️
Ní féidir talamh slán a dhéanamh den inrochtaineacht. Mar shampla, mura bhfuil suíomh gréasáin ríomhthráchtála deartha ionas gur féidir le daoine faoi mhíchumas siopadóireacht a dhéanamh go héasca ar líne, ní bheidh siad ábalta aon rud a cheannach.. A bhuí leis an Acht Eorpach um Inrochtaineacht, beidh rochtain níos fearr ag daoine faoi mhíchumas ar roinnt táirgí agus seirbhísí tábhachtacha.
Léigh tuilleadh faoi conas atá an tAontas ag fáil réidh le bacainní: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Twitter

Le chéile ar mhaithe leis an inrochtaineacht♿️
A bhuí leis an Acht AE um Inrochtaineacht, beidh rochtain níos fearr ag daoine faoi mhíchumas ar tháirgí agus seirbhísí tábhachtacha
Léigh faoi conas atáimid ag baint bacainní: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Le chéile ar mhaithe le cultúr, fóillíocht agus spórt cuimsitheach

LinkedIn

Le chéile ar mhaithe le cultúr, fóillíocht agus spórt cuimsitheach.
Spórt, cultúr, turasóireacht: méadaítear ár dtuiscint leo, tá siad riachtanach le haghaidh cothromaíocht shláintiúil oibre agus saoil agus cuidíonn siad linn ár bhfíorchumas a bhaint amach. Ach tá go leor daoine faoi mhíchumas fágtha amach as an saol seo, toisc go bhfuil seirbhísí mí-oiriúnach nó nach bhfuil rochtain ar shaoráidí go minic.
Leanfaidh an tAontas Eorpach ag cuidiú leis na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas sna blianta amach romhainn.
Faigh amach conas atá sé sin á dhéanamh againn, le chéile: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Facebook

Le chéile ar mhaithe le cultúr, fóillíocht agus spórt cuimsitheach.
Tá spórt, cultúr, turasóireacht an-tábhachtach le haghaidh cothromaíocht shláintiúil oibre agus saoil. Is féidir leis sin ár bhfolláine a threisiú agus cuidiú linn ár bhfíorchumas a bhaint amach. Ach is í fírinne an scéil go bhfágtar go leor daoine faoi mhíchumas as na gníomhaíochtaí sin, mar gheall ar dhroch-inrochtaineacht go minic.
Leanfaidh an tAontas Eorpach ag cuidiú leis na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas sna blianta amach romhainn.
Faigh amach conas atá sé sin á dhéanamh againn: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

Twitter

Le chéile ar mhaithe le cultúr, fóillíocht agus spórt cuimsitheach 💪
Leanfaidh an tAontas ag cuidiú leis na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas sna blianta romhainn.
Foghlaim conas: https://ec.europa.eu/together-for-rights
#EUDisabilityRights #UnionOfEquality

 

Tabhair do d’aire, le do thoil, nach féidir na hacmhainní ar an suíomh gréasáin seo a úsáid chun críocha tráchtála agus ní féidir ach le daoine agus eagraíochtaí a chuireann an feachtas Le Chéile ar mhaithe le Cearta chun cinn iad a úsáid.

Nuacht ghaolmhar

Níl aon nuacht ghaolmhar ann le sé mhí.

An leathanach seo a chomhroinnt: