Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Roland Maté, an Ungáir

Roland Maté
 

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo

Is láithreoir agus blagálaí teilifíse agus raidió 36 bliana d’aois éRoland Matéón Ungáir. Le 18 mbliana anuas, bhí sé ina chomhfhreagraí le Szeged do chláir nuachta roinnt cainéal náisiúnta teilifíse. In 2018, teascadh a chos chlé faoi bhun na glúine. Ó shin i leith, tá sé ag reáchtáil blag ar Facebook faoina shaol, dar teideal ‘A moment – the footlessness of life’. Mar sin féin, leanann sé de bheith ag obair sna meáin chumarsáide, ag cur cláir ar an teilifís agus ar an raidió araon i láthair. Níor choinnigh an teascadh siar é ó pháirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éagsúla, in ainneoin na n-athruithe ar a shaol is cúis leis , Reáchtálann sé léachtaí agus díospóireachtaí idirghníomhacha do pháistí agus do dhaoine fásta araon, agus bíonn imeachtaí á reáchtáil aige i gceantair éagsúla na tíre, lena n-áirítear cláir chathrach, féilte, comórtais áilleachta agus seónna faisin. Tá Roland ag éirí níos rannpháirtí i bhfeachtais éagsúla dearfachta coirp agus bíonn sé ag eagrú a chuid imeachtaí féin ar son an ghlactha.

Is féidir leat Roland a leanúint:

An leathanach seo a chomhroinnt: