Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Denis Kučera – an tSlóvaic (Leagan soléite)

Is é Denis Kučera curadh na Slóvaice s’againn.

In 2005,
diagnóisíodh go raibh ailse air.
Mar thoradh ar an gcúram leighis,
tháinig míchumas air agus úsáideann sé
cathaoir rothaí le bheith ag bogadh thart anois.

D’ainneoin sin,
lean Denis de chur lena chuid scileanna
agus d’fhoghlaim sé conas maireachtáil faoi mhíchumas.

Rinne sé staidéar ag ollscoileanna éagsúla
agus bhain sé amach céim sa Léann Eorpach.

Tá dúil ag Denis san aclaíocht ar an tsráid.
Ciallaíonn sé sin aclaíocht a dhéanamh in áiteanna poiblí,
i bpáirceanna agus i gcearnóga cuir i gcás.
Thosaigh sé ag taifeadadh físeán de féin
agus é ag déanamh aclaíochta in áiteanna poiblí.
Spreagann sé sin go leor daoine
chun a saol a chaitheamh mar atá siad ag iarraidh
d’ainneoin an mhíchumais atá orthu.

In 2019,
thosaigh sé cainéal YouTube
lena chailín.

Agus a scéal á roinnt acu,
tá siad ag iarraidh a léiriú conas mar atá an saol faoi mhíchumas,
conas mar atá cúrsaí agus caidreamh rómánsúil agat
agus conas imeachtaí spraíúla a dhéanamh mar lánúin.

Is féidir leat féachaint ar a bhfíseáin ar YouTube
trí chliceáil anseo

Is féidir leat Denis a leanúint ar Instagram freisin
trí chliceáil anseo

An leathanach seo a chomhroinnt: