Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Teodora Dumitru – an Rómáin (Leagan soléite)

Is í Teodora Dumitru curadh na Rómáine s’againn.

Tugtar Teo uirthi go hachomair.

Tá Teo faoi mhíchumas ó rugadh í
agus bogann sí thart i gcathaoir rothaí.

Tá sí ag déanamh staidéir ar an leigheas
in ollscoil sa Spáinn faoi láthair.

Tá Béarla, Rómáinis agus Spáinnis aici.

Ina cuid am saor,
is breá léi a bheith ag scríobh
agus tá suíomh gréasáin aici ar a dtugtar
‘Teo on wheels’.
Ar an suíomh sin, scríobhann sí faoina saol
mar bhean óg faoi mhíchumas.

Trína scéal a roinnt,
tá Teo ag iarraidh cuidiú le daoine eile atá faoi mhíchumas
féinmhuinín a bhí acu agus a n aislingí a fhíorú.
Tá sí ag iarraidh a léiriú freisin gur féidir le daoine faoi mhíchumas
taitneamh a bhaint as a saol
agus spraoi a bheith acu lena dteaghlach agus lena gcairde
ar nós gach duine eile.

Is féidir leat féachaint ar shuíomh gréasáin Teo trí chliceáil anseo

Is féidir leat Teo a leanúint ar Instagram freisin
trí chliceáil anseo

Is féidir leat Teo a leanúint ar Facebook freisin
trí chliceáil anseo

An leathanach seo a chomhroinnt: