Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Jacob Callus – Málta (Leagan soléite)

Is é Jacob Callus curadh Mhálta s’againn.

Tá uathachas agus dioscalcúile ar Jacob.
Ciallaíonn dioscalcúile go mbíonn deacrachtaí aige uimhreacha
a ríomh nó a thuiscint.

D’ainneoin sin,
d’fhreastail Jacob ar an ollscoil agus rinne sé staidéar ar
an stair, ar an bpolaitíocht agus ar an dlí.

Bíonn Jacob ag oibriú faoi láthair
do Chomhairle Náisiúnta Mhálta don Óige.
Is eagraíocht í a dhéanann ionadaíocht do dhaoine óga
atá idir 13 agus 35 bliana d’aois.

Bíonn sé ag oibriú do Chlub Rámhaíochta
Ollscoil Mhálta freisin.

Agus a scéal á roinnt aige,
is féidir le Jacob a léiriú gur féidir le daoine faoi mhíchumas
gach rud a dhéanamh sa saol mar aon le gach duine eile.

Is féidir leat Jacob a leanúint:

An leathanach seo a chomhroinnt: