Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Rasmus Dissing Nielsen – an Danmhairg (Leagan soléite)

Is é Rasmus Dissing Nielsen curadh
na Danmhairge s’againn.

Bogann Rasmus thart i gcathaoir rothaí
agus is breá leis a bheith ag taisteal.
Tá 30 tír bainte amach aige
agus roinneann sé a thaithí ar Instagram.

Sa Danmhairg,
tá Rasmus i mbun cuideachta ar a dtugtar
‘We Are Wonder’.
Déanann Rasmus físeáin agus beoshruthú
le haghaidh imeachtaí éagsúla.
Is éard atá i mbeoshruthú fís d’imeacht
ar ar féidir leat féachaint
agus é ar siúl.

Is dóigh le Rasmus gur cheart do na meáin
ar nós cláir teilifíse agus scannán
níos mó daoine faoi mhíchumas a thaispeáint.

Agus a scéal á roinnt aige,
tá sé ag iarraidh an scéal a scaipeadh
maidir le cearta daoine faoi mhíchumas
a bheith rannpháirteach i ngach réimse den saol.

Is féidir leat Rasmus a leanúint ar Instagram
trí chliceáil anseo

Instagram Wheelchair Explorer: wheelchairexplorer

An leathanach seo a chomhroinnt: