Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Iliyana Dadarova – an Bhulgáir (Leagan soléite)

Is í Iliyana Dadarova curadh na Bulgáire s’againn.

Tá míchumas siúil uirthi
atá mar thoradh ar earráid a rinneadh
le linn obráid a rinneadh uirthi
níos mó ná 15 bliana ó shin.

Níor chuir sé sin bac ar Iliyana
a haislingí a fhíorú.

Rinne sí staidéar san Ísiltír
agus chaith sí seal dá cuid staidéir sa Spáinn freisin.

Tá sí ar ais sa Bhulgáir anois
agus í ag déanamh an chuid oibre leis na meáin shóisialta.
Leis an obair a dhéanann sí, dírítear ar chuidiú le cuideachtaí
freastal ar níos mó daoine
agus a gcuid oibre a chur chun cinn ar ardáin
ar nós Facebook agus Instagram.

Tá a suíomh gréasáin féin aici freisin darb ainm
‘Happy twenty something’.
Scríobhann sí air faoi thopaicí ina bhfuil suim aici
mar bhean óg.

Trína scéal a roinnt,
tá Iliyana ag iarraidh an scéal a scaipeadh
maidir le conas a bhíonn an saol ag duine faoi mhíchumas.

Is féidir leat Iliyana a leanúint ar Instagram trí chliceáil anseo

An leathanach seo a chomhroinnt: