Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Gradam Access City

Tá an Gradam don Chathair is Inrochtana á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhar leis an bhFóram Eorpach maidir leis an Míchumas ó bhí 2010 ann, chun aitheantas a thabhairt do thoilteanas, cumas agus iarrachtaí chathracha an Aontais tús áite a thabhairt don inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus chun an méid sin a cheiliúradh.

Cuireann an inrochtaineacht feabhas ar cháilíocht saoil gach duine, ach i gcás níos ná 100 milliún saoránach den Aontas atá faoi mhíchumas, tá an inrochtaineacht fíor-riachtanach le go mbeadh na cearta bunúsacha céanna acu agus rochtain ar gach a bhfuil ar fáil sna cathracha. Féadtar ‘cathair inrochtana’ a thabhairt ar chathair inar féidir le daoine faoi mhíchumas na nithe seo a dhéanamh, mar shampla:

  • teacht ar eolas (ar líne agus as líne).
  • úsáid a bhaint as an iompar (e.g. busanna, tramanna, meitreo) agus as an mbonneagar a bhaineann leis.
  • taitneamh a bhaint as spásanna poiblí, páirceanna agus clóis súgartha, cuir i gcás.
  • a bheith in ann dul isteach i bhfoirgnimh, mar shampla, halla na cathrach, an leabharlann agus an halla spóirt, agus rochtain a bheith acu ar a gcuid seirbhísí.

An Gradam don Chathair is Inrochtana 2025

Is féidir iarratas a dhéanamh ar an nGradam don Chathair is Inrochtana 2025 ón 25 Meitheamh 2024 go dtí an 10 Meán Fómhair 2024 ag 23:59 Am Samhraidh Lár na hEorpa.

Ní mór iarratas a dhéanamh trí iarratas ar líne a chomhlánú agus a chur isteach faoin 10 Meán Fómhair 2024 ag 23:59 ar a dhéanaí.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an ngradam i mbliana mar gurb é seo comóradh 15 bliana a bhunaithe. Le 14 bliana anuas, tá an gradam bronnta ar 70 cathair, agus 14 chathair díobh sin, is é duais na chéad áite a bhuaigh siad. Ba é San Cristóbal de La Laguna (na Spáinne) an chathair is déanaí ar ar bronnadh an gradam mór le rá.

Duaiseanna

Beidh duais airgid ag dul don chathair is buaiteoir agus do na cathracha a bhain an dara agus an tríú háit amach:

  • 1ú áit: EUR 150 000
  • 2ú háit: EUR 120 000
  • 3ú háit: EUR 80 000

Ina theannta sin, féadfaidh Príomh-Mholtóirí an Aontais cinneadh a dhéanamh suas le cúig ‘Mholadh Speisialta’ a bhronnadh má bhíonn cathracha ann a bhfuil obair den scoth déanta acu i bpríomhréimse inrochtaineachta ar leith (an timpeallacht thógtha agus an spás poiblí, cuir i gcás; an córas iompair agus an bonneagar a bhaineann leis; faisnéis agus cumarsáid, TFC san áireamh; nó saoráidí agus seirbhísí poiblí).

Tá rún ag an gCoimisiún Eorpach i mbliana freisin Moladh Speisialta maidir le ‘Bonneagar Inrochtana Spóirt’ a bhronnadh ar chathair a léiríonn an chaoi a gcuimsítear an inrochtaineacht ina bonneagar spóirt. 

Cé a fhéadfaidh iarratas a dhéanamh?

Tá an Gradam don Chathair is Inrochtana oscailte do

  • gach cathair san Aontas ina bhfuil níos mó ná 50 000 áitritheoir
  • do limistéir uirbeacha ina bhfuil dhá bhaile nó níos mó ag a bhfuil daonra comhcheangailte níos mó ná 50 000 áitritheoir, má tá siad suite i dtíortha de chuid an Aontais ina bhfuil níos lú ná dhá chathair ag a bhfuil níos mó ná 50 000 áitritheoir.

Próiseas roghnúcháin

Tá an próiseas roghnúcháin roinnte ina dhá chéim: an réamhroghnú ar an leibhéal náisiúnta agus an roghnú deiridh ar an leibhéal Eorpach. Cuireann na moltóirí náisiúnta i ngach tír trí chathair ar a mhéad ar ghearrliosta. Roghnaíonn na Príomh-Mholtóirí Eorpacha na buaiteoirí as measc na n‑iarrthóirí réamhroghnaithe.

Breithníonn na moltóirí na bearta atá déanta agus atá beartaithe sna réimsí seo a leanas:

  • an timpeallacht thógtha agus spásanna poiblí
  • an córas iompair agus an bonneagar a bhaineann leis
  • faisnéis agus cumarsáid, teicneolaíochtaí nua faisnéise agus cumarsáide san áireamh
  • saoráidí agus seirbhísí poiblí
  • eiseamláirí den scoth de bhonneagar inrochtana spóirt (don Mholadh Speisialta)

An iarratasóir a n‑éireoidh leis, ní mór dó cur chuige comhleanúnach a léiriú maidir leis an inrochtaineacht i ngach ceann de na ceithre réimse, chomh maith le fís uaillmhianach.

Céim déanta na n‑iarratas

Is féidir iarratas a dhéanamh ón 25 Meitheamh 2024 go dtí an 10 Meán Fómhair 2024 ag 23:59 Am Samhraidh Lár na hEorpa.

Amlíne

  • An 25 Meitheamh 2024: Seoladh an chomórtais
  • An 10 Meán Fómhair 2024 23:59: Sprioc‑am le haghaidh iarratas
  • Tús mhí na Samhna 2024: Fógra faoi na cathracha a bhain an babhta ceannais amach
  • 26-29 Samhain 2024: An buaiteoir, na buaiteoirí tánaisteacha agus an Moladh nó na Moltaí Speisialta le fógairt ag an searmanas bronnta, le linn na comhdhála ‘Lá Eorpach na nDaoine faoi Mhíchumas’.

Cad chuige an Gradam don Chathair is Inrochtana?

Tá an Gradam don Chathair is Inrochtana ina chuid d’iarrachtaí níos leithne an Aontais an saol a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas, tríd an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Is eiseamláir thábhachtach an gradam seo fós den chaoi a n‑oibríonn an Coimisiún agus leibhéil rialtais eile as lámh a chéile chun an tiomantas seo don chuimsiú a fhíorú do dhaoine faoi mhíchumas ar fud an Aontais.

Is tionscnamh é an Gradam don Chathair is Inrochtana a dhéanann na nithe seo a leanas:

  • aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag cathracha chun an inrochtaineacht a mhéadú
  • rochtain chomhionann ar an saol uirbeach a chur chun cinn le haghaidh daoine faoi mhíchumas
  • na húdaráis áitiúla chumasú chun a ndea-chleachtais a chur chun cinn agus a roinnt

Teagmhálacha

Cathracha a bhuaigh an Gradam don Chathair is Inrochtana roimhe seo

De rogha air sin, is féidir na buaiteoirí roimhe seo a fheiceáil anseo.

An leathanach seo a chomhroinnt: