An Eastóin
Éigeandáil
- Glaoigh ar 112
Líne chabhrach (dochtúirí ginearálta)
- Glaoigh ar 1220 nó (+372)6346630 le haghaidh glaonna idirnáisiúnta
Eesti Haigekassa
(Ciste Árachais Sláinte na hEastóine)
Teil: + 372 669 6630
Ríomhphost: info@haigekassa.ee
null
Dochtúirí
- Is féidir leat dochtúir ginearálta a fheiceáil saor in aisce.
- Ní mór duit táille a íoc chun speisialtóir a fheiceáil (amhail cairdeolaí, síciatraí nó gínéiceolaí).
- Níor chóir go ngearrfaí aon táille ar othar riamh as sainchúram leighis más rud é:
- go cuirtear an t-othar ar aghaidh chuig speisialtóir eile san ospidéal céanna
- go bhfuil an t-othar ag iompar clainne
- gur leanbh faoi bhun 2 bhliain d’aois an t-othar
- go bhfuil cóireáil othair chónaithigh le tabhairt don othar tar éis cúram leighis éigeandála
- Is féidir leat dochtúir príobháideach a fheiceáil freisin, nó dul chuig clinic leighis. I gcásanna den sórt sin, ní mór duit an táille iomlán a íoc.
Fiaclóirí
- Aisíocfaidh an Ciste Árachais Sláinte cúram fiaclóireachta suas le €40 in aghaidh na bliana do dhaoine fásta a bhfuil árachas acu. Baineann an sochar le seirbhísí riachtanacha cúraim fiaclóireachta. An bhfuil tú faoi bhun 19 mbliana d’aois? Má tá, is féidir leat cóireáil fiaclóireachta a fháil saor in aisce.
- Ní féidir leas a bhaint as na sochair sin ach amháin ag na fiaclóirí a bhfuil conradh tugtha chun críche acu le Ciste Árachais Sláinte na hEastóine.
- Tuilleadh eolais (i mBéarla)
Cóireáil ospidéil
Tá gnáth-tháille laethúil ann d’othair chónaithe le haghaidh fanacht san ospidéal suas le 10 lá.
Níl aon táille d’othair chónaithe i gceist maidir le:
- cásanna a bhaineann le toircheas agus breith clainne
- dianchúram
- cóireáil speisialaithe d’othair chónaithe faoi bhun 18 mbliana d’aois
Oidis
- Cuirtear rátaí éagsúla lascaine i bhfeidhm, ag brath ar an diagnóis, ar an gcógas, ar aois an othair, etc.
- Mura bhfuil an cógas ar an liosta náisiúnta de tháirgí íocshláinte (in Eastóinis), beidh ort an costas iomlán a íoc. Tá na táillí sin neamh-in-aisíoctha san Eastóin. Mar sin féin, féadfaidh tú aisíocaíocht a éileamh agus tú sa bhaile arís.
Otharcharr
- Tá iompar d’otharcharr saor in aisce i gcás éigeandála.
Aerárthach othar
- Níl ach an t-aeriompar aerárthaigh d’otharcharr a chlúdaíonn éigeandálaí a tharlaíonn san Eastóin saor in aisce.
null
- Ní aisíoctar táillí san Eastóin. Ní ghearrfar ort ach do sciar féin de na costais.
- Má bhíonn ort íoc as cúram, déan teagmháil le do sholáthraí árachais sláinte náisiúnta nuair a bhaineann tú do bhaile amach chun aisíocaíocht a fháil.
null
- Cuairt bhaile ó dhochtúir ginearálta – suas le €5
- Comhairle a fháil ó speisialtóir (fiaclóir san áireamh) – suas le €5
- Táille othair chónaithigh san ospidéal – suas le €2.50 in aghaidh an lae, suas le huasmhéid €25 in aghaidh gach fanachta san ospidéal
null
Tá seirbhísí ar fáil in dhá phríomhospidéal
null
null
- Liosta de sholáthraithe cúraim sláinte (in Eastóinis amháin)
null
Teagmhálacha do shealbhóirí Cártaí Eorpacha um Árachas Sláinte a eisíodh san Eastóin
Eesti Haigekassa (Ciste Árachais Sláinte na hEastóine)
Teil: +372 669 6630
Ríomhphost: info@haigekassa.ee