Breoiteacht, máithreachas agus atharthacht
Tá na rialacha maidir le sochair bhreoiteachta, mháithreachais agus atharthachta cosúil lena chéile agus baineann siad le daoine atá árachaithe in aon tír an AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua nó san Eilvéis.
Turais ghearra agus laethanta saoire
Is féidir leat cúram sláinte a rochtain, m.sh. dochtúir nó ospidéal, chun críocha leighis, a d'fhéadfadh a bheith riachtanach le linn saoire nó turais shealadaigh eile in aon cheann de na tíortha seo faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le náisiúnaigh na tíre sin. Ciallaíonn sé seo go mbeidh ort íoc as an gcúram seo, uaireanta. Cabhróidh do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte leat do chearta a chruthú.
Faigh tuilleadh faisnéise ar ár leathanaigh maidir leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte
Cúram sláinte pleanáilte thar lear
Má tá tú ag taisteal go speisialta chun cúram leighis a fháil, ní mór duit údarú (foirm S2) a fháil ó d'institiúid árachais sláinte sula n-imeoidh tú.
Faigh tuilleadh faisnéise ar ár leathanaigh maidir leis an gcóir leighis phleanáilte
Ag cónaí thar lear
- Tá an ceart agat sochair bhreoiteachta chomhchineáil, is é sin an cúram sláinte agus cógas, a fháil i do thír chónaithe, beag beann ar an tír ina bhfuil tú árachaithe. Tá tú i dteideal an chóir leighis chéanna is a fhaigheann náisiúnaigh na tíre sin.
- Má tá tú árachaithe i dtír eile seachas an tír ina bhfuil cónaí ort, ba chóir duit clárú leis an institiúid cúram sláinte áitiúil san áit ina bhfuil cónaí ort. B'fhéidir go mbeidh ort foirm S1 a iarraidh ón institiúid cúram sláinte sa tír ina bhfuil tú árachaithe chun amhlaidh a dhéanamh. Tabharfaidh tú an fhoirm seo don institiúid i d'áit chónaithe ansin. Pinsinéirí de ghnáth a bhíonn i gceist anseo a théann ar scor i dtír eile seachas an tír ina bhfuil siad árachaithe a íocann a bpinsean. Ní gá amhlaidh a dhéanamh i gcás turas sealadach.
Faigh amach tuilleadh faoi do chearta de réir tíre
Sochair airgid
Tá an tír ina bhfuil tú árachaithe freagrach as do shochair bhreoiteachta, mháithreachais nó atharthachta a íoc in airgead tirim, is é sin na sochair a fhaightear nuair a chuirtear an pá ar fionraí de bharr breoiteachta. Íocfar na sochair seo de réir rialacha na tíre ina bhfuil tú árachaithe, beag beann ar an tír ina bhfuil cónaí ort nó ina bhfuil tú ag fanacht.
Tuilleadh faisnéise
Scrúdaigh ár gceisteanna coitianta chun a fháil amach cad iad na rialacha a bhaineann leatsa.
Cúnamh de dhíth ort go fóill?
Nach bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?
Cuir fiosrúchán isteach trí Europe Direct 00800 6 7 8 9 10 11Réitigh fadhbanna le riarachán náisiúnta (SOLVIT)
Faigh comhairle dlí ón tseirbhís, An Eoraip Agatsa - Comhairle