Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Viktoria Modesta – an Laitvia

 

Viktoria Modesta

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo.

Is ealaíontóir bitheonach papcheoil, fiontraí agus stiúrthóir cruthaitheach í Viktoria Modesta a rugadh sa Laitvia, agus tá cónaí uirthi anois in Los Angeles áit a nascann sí an popchultúr agus an ealaín le saol acadúil, leigheas agus brandaí. Chuaigh Viktoria, a teascadh a cos chlé íochtair, ar an stáitse domhanda den chéad uair lena Fréamhshamhail físeáin ceoil/ealaíne mearscaipthe. Tá cáil uirthi freisin as a léirithe ag searmanas deiridh na gCluichí Parailimpeacha 2012 agus ag Super Bowl 2022. Agus í ina Comhalta de chuid MIT Media Lab ar feadh 6 bliana agus ina ball de chlár na gCeannairí Eorpacha Óga, déanann Viktoria iniúchadh leanúnach ar thionchar na teicneolaíochta agus an deartha chuimsithigh ar thodhchaí stíl mhaireachtála agus chultúir an duine. Roghnaigh Barack Obama Viktoria do phróifíl dá eagrán irise WIRED arna chur in eagar aige mar aoi, agus roghnaíodh í le déanaí mar ambasadóir agus mar oiliúnaí spáis don chéad chlár spáis cuimsitheach riamh ‘Mission Astro Access’. Tá aithne mhaith uirthi i measc athbheochan digiteach ealaíontóirí na todhchaí, ag obair san ealaín chripteach, san fhaisean digiteach agus san fhéiniúlacht fhíorúil. Bailigh 3Fmusic a ‘Spike Dance’ mar an chéad NFT (licín neamh-idirmhalartach), agus ina dhiaidh sin bhí meascán de ghrianghrafadóireacht sci-fi IRL (san fhíorshaol) agus saothair ealaíne 3T. Bhí Viktoria le feiceáil freisin in dhá cheann d’eisiúintí NFT ‘TIMEPieces’, agus a habhatár á chur i láthair aici den chéad uair. Creideann sí gur féidir le teicneolaíocht cuidiú le cothrom na féinne a chruthú nach mbeidh á rialú leis na céadta bliain de pheirspictíocht agus de dhearcadh.

Instagram: viktoriamodesta
Suíomh gréasáin: viktoriamodesta.com

 

 

An leathanach seo a chomhroinnt: