Bí páirteach (Leagan soléite)
Tá sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas a gcuid roghanna féin a dhéanamh faoina saol féin. Sin an fáth a ndearnamar an feachtas seo in éineacht le daoine faoi mhíchumas agus a n-eagraíochtaí.
Féadfaidh tú páirt a ghlacadh inár bhfeachtas freisin agus an scéal a scaipeadh faoi chearta daoine faoi mhíchumas.
Chun é sin a dhéanamh:
- Cláraigh chun nuacht a fháil faoinár bhfeachtas agus eolas a fháil faoin dóigh a bhféadfaidh tú do thacaíocht a thabhairt.
Féach leat sraith uirlisí an fheachtais.
- Ansin is féidir leat teacht ar ábhar is féidir leat a úsáid chun tacú lenár bhfeachtas. .
Mar shampla, íomhánna agus téacsanna is féidir leat a úsáid chun an feachtas a chomhroinnt ar na meáin shóisialta.
Beidh an t-ábhar ar fáil i ngach ceann de 24 theanga an Aontais Eorpaigh.
Déanfaimid cruinniú ar líne a eagrú freisin d’eagraíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine eile ar mian leo níos mó a fháil amach faoinár bhfeachtas.
Más spéis leat páirt a ghlacadh sa chruinniú sin, seol ríomhphost chuig: contact@togetherforrights.eu.