Cearta (Leagan soléite)
Leanann an tAontas Eorpach de bheith ag obair chun a chinntiú gur féidir le gach duine faoi mhíchumas tairbhiú dá gcearta. Tá dlíthe déanta ag an Aontas a chosnaíonn an ceart atá ag gach duine go gcaithfí go cothrom leo.
Ach tá obair fós le déanamh chun gur féidir le gach duine faoi mhíchumas an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Staidéar a dhéanamh,
- Obair a dhéanamh,
- Cúram sláinte maith a fháil,
- Maireachtáil go neamhspleách,
- A gcuid roghanna féin a dhéanamh sa saol,
- Vótáil agus páirt a ghlacadh i dtoghcháin.
Oibreoidh an Coimisiún Eorpach le gach tír san Eoraip chun rudaí a dhéanamh níos fearr sna réimsí sin go léir.