Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Indrė Kručaitė, an Liotuáin (Leagan soléite)

Is í Indrė Kručaitė ár gcuradh ón Liotuáin.

Rugadh Indrė gan leis.
Ba é rún a croí riamh a bheith ina mainicín.
Ach níor shíl sí go bhfíorófaí a brionglóid
toisc nach bhfaca sí aon mhainicíní faoi mhíchumas.

Nuair a thosaigh sí ag caint faoi mhíchumas
agus ag postáil grianghraf ar Instagram 4 bliana ó shin,
tháinig athrú ar chúrsaí.
Thosaigh sí ag obair mar mhainicín
agus d’fhíoraigh sí a brionglóid.
Bhraith sí níos muiníní maidir lena corp féin
agus sháraigh sí an eagla a bhí uirthi go bhfeicfí í
agus í ag caitheamh culaith shnámha nó sciorta gearr.

Nuair a bhíonn am saor ag Indrė,
is maith léi am a chaitheamh lena muintir,
dul chuig clubanna lena cairde
agus leabhair a léamh sa bhaile.

Is breá léi freisin a bheith ag scríobh faoina taithí féin
ar Instagram agus ina dialann.

Measann Indrė gur thug an míchumas cuspóir di sa saol
agus saothraíonn sí gach lá chun taitneamh iomlán a bhaint as a saol.

Is féidir leat Indrė a leanúint ar Instagram ach cliceáil anseo.

An leathanach seo a chomhroinnt: