Le Chéile ar Mhaithe le Cearta: an straitéis le haghaidh daoine faoi mhíchumas (Leagan soléite)
Fáilte go dtí leathanach fheachtas an Choimisiúin Eorpaigh maidir le cearta daoine atá faoi mhíchumas. ‘Le chéile ar son na gceart’ a thugtar ar an bhfeachtas mar go gcreidimid gur féidir linn difríocht a dhéanamh le chéile!
Lenár bhfeachtas, is mian linn an méid seo a leanas a dhéanamh:
-
An scéal a scaipeadh maidir le cearta daoine atá faoi mhíchumas,
-
Léiriú a thabhairt ar an méid a dhéanann an tAontas Eorpach chun a chinntiú go mbíonn daoine faoi mhíchumas in ann tairbhiú de na cearta sin.
In ainneoin an dul chun cinn atá déanta bíonn fadhbanna ag daoine faoi mhíchumas go fóill, rud a fhágann go mbíonn sé deacair nó dodhéanta dóibh páirt a ghlacadh sa phobal cosúil le daoine eile.
Mar shampla, is fíor an méid seo a leanas do go leor daoine faoi mhíchumas san Eoraip:
-
Mothaíonn siad go mbíonn siad fágtha i leataobh nó go gcaitear go héagórach leo i ngeall go bhfuil siad faoi mhíchumas,
- Níl post acu,
- Tá cónaí orthu in ionaid chúraim agus ní féidir leo a roghanna féin a dhéanamh faoina saol féin.
An Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas
Tá an Coimisiún Eorpach tar éis straitéis nua a dhéanamh maidir le cearta daoine faoi mhíchumas le haghaidh 2021-2030. I mbeagán focal, tugaimid ‘an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas’ uirthi.
Is plean é an Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas ina luaitear an dóigh a n-oibreoidh an tAontas Eorpach chun cearta daoine faoi mhíchumas a chosaint sna blianta amach romhainn.
Leis an bplean sin, is mian leis an gCoimisiún Eorpach deimhin a dhéanamh de gur féidir le gach duine faoi mhíchumas tairbhiú dá gcearta agus go mbíonn na deiseanna céanna acu agus a bhíonn ag gach duine eile sa saol.
Mar shampla, ba cheart go mbeadh daoine faoi mhíchumas in ann an méid seo a leanas a dhéanamh:
- Dul ar scoil agus staidéar a dhéanamh,
- Post maith a fháil,
- Taisteal,
- A gcuid roghanna féin a dhéanamh sa saol.
Glac páirt inár bhfeachtas
Tá sé de cheart ag daoine faoi mhíchumas a gcuid roghanna féin a dhéanamh faoina saol féin. Sin an fáth a ndearnamar an feachtas seo in éineacht le daoine faoi mhíchumas agus a n-eagraíochtaí.
Féadfaidh tú páirt a ghlacadh inár bhfeachtas freisin agus an scéal a scaipeadh faoi chearta daoine faoi mhíchumas.
Cláraigh anseo
chun nuacht a fháil faoinár bhfeachtas agus eolas a fháil faoin dóigh a bhféadfaidh tú do thacaíocht a thabhairt.
Cuir aithne ar ár gcuraidh
Is lúthchleasaithe, ealaíontóirí, mainicíní agus daoine eile faoi mhíchumas iad ár gcuraidh arb as tíortha éagsúla san Eoraip dóibh, agus tacaíonn siad lenár bhfeachtas tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- A n-eispéiris phearsanta a chomhroinnt,
- A bheith ag labhairt faoi na rudaí is gá a dhéanamh chun gur féidir tairbhiú de na cearta céanna agus de na deiseanna céanna cosúil le gach duine eile.