Ceisteanna coitianta
 
 

Achoimre ar an CSE

  • Bunaíodh Ciste Sóisialta na hEorpa, CSE, i gConradh na Róimhe sa bhliain 1957.
  • Ceann de Chistí Struchtúracha an AE is ea an CSE agus tá sé ar an uirlis is tábhachtaí chun breis post agus poist níos fearr a chruthú san Eoraip.
  • Infheisteoidh an CSE, sa tréimhse 2007-2013, €75 billiún ar an meán ar fud an Aontais Eorpaigh. Cuirfear isteach agus amach le €50 billiún de mhaoiniú náisiúnta poiblí leis sin. Measann an Coimisiún go mbainfidh breis is 70 milliún duine tairbhe as na bearta seo.

Céard é buiséad iomlán an CSE?

Is thart ar €75 billiún buiséad CSE don tréimhse 2007-2013 agus is ionann sin agus breis is €10 billiún in aghaidh na bliana. Is breis is €117 billiún iomlán na n-acmhainní a bhíonn ar fáil do bhearta dá dtacaíonn CSE nuair a chuirtear cómhaoiniú náisiúnta poiblí agus príobháideach san áireamh.

Más mian leat a thuilleadh eolais a fháil faoi bhuiséad CSE, téigh isteach ar an mír caiteachas atá ag CSE.

Céard iad na réimsí ina mbíonn an CSE gníomhach?

Tacaíonn an CSE le bearta amhail:

  • foghlaim ar feadh an tsaoil agus oiliúint a chur ar oibrithe;
  • eagrú oibre;
  • tacaíocht d’fhostaithe i gcomhthéacs an athstruchtúraithe;
  • seirbhísí fostaíochta
  • daoine faoi mhíbhuntáiste a imeascadh sa mhargadh saothair
  • leasuithe sna córais oideachais agus oiliúna;
  • líonrú comhpháirtithe sóisialta agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha
  • oiliúint i riarachán agus seirbhísí poiblí

Cuardaigh an bunachar sonraí tosaíochtaí chun a thuilleadh eolais a fháil faoi thosaíochtaí CSE.

Cén chaoi a n-aimseoidh mé doiciméadú faoin CSE?

Tá leaganacha PDF dár bhfoilseacháin go léir le fáil ar an mír leabharlann atá ar an suíomh gréasáin seo.

Céard iad na cineálacha tionscadal a ndéanann an CSE cómhaoiniú orthu?

Tionscadail ina soláthraítear réitigh i réimsí éagsúla a bhaineann le fostaíocht. Ag brath ar thosaíochtaí arna leagan amach ag Ballstáit.

Cuardaigh an bunachar sonraí tosaíochtaí chun a thuilleadh eolais a fháil faoi na réimsí a mhaoinítear.

Cuardaigh an bunachar sonraí tionscadail chun a thuilleadh eolais a fháil faoi thionscadail bhuana a dtacaíonn CSE leo.

Cé a bhaineann tairbhe as an CSE?

Is féidir le gnóthaí príobháideacha, gníomhaireachtaí poiblí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis iarratas a dhéanamh. Ní féidir le duine aonair iarratas a dhéanamh. Is gá d’eagraíocht nó do chuideachta iarratas a dhéanamh.

Tá faisnéis faoin té ar chóir teagmháil a dhéanamh leis chun iarratas a dhéanamh le fáil ar http://ec.europa.eu/employment_social/esf/members/index_en.htm.

Foilsíonn gach Ballstát liosta de thairbhithe CSE.

Céard a dhéanann Údarás Bainistithe

Bíonn oifigí náisiúnta agus réigiúnacha ag údaráis bhainistithe CSE. Scaipeann siad faisnéis faoin CSE agus faigheann siad iarratais agus déanann siad iarratais a mheas. Bíonn siad freagrach chomh maith as maoiniú a dháileadh agus as monatóireacht a dhéanamh ar thionscadail fhaofa.

An féidir le tionscadal comhoibriú le Ballstáit eile

Tacaíonn CSE le tionscadail a chomhoibríonn le tionscadail nó eagraíochtaí i mballstáit eile an AE.

Téigh isteach ar mhír Limistéir ghníomhaíochta CSE más mian leat a thuilleadh eolais a fháil faoi Chomhoibriú Trasnáisiúnta

Cuardaigh an bunachar sonraí tionscadail chun a thuilleadh eolais a fháil faoi thionscadail trasteorann a dtacaíonn CSE leo.

Céard a dhéanann Coiste Monatóireachta

Déanann coistí monatóireachta maoirsiú ar fhorfheidhmiú chláir CSE. Bíonn ionadaithe as údaráis phoiblí, comhpháirtithe sóisialta, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, an córas oideachais agus an Coimisiún orthu.

Conas a bhfaighinn maoiniú?

Déantar an CSE a bhainistiú ag leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach: chun eolas a fháil faoi conas tairbhe a bhaint as tacaíocht CSE téigh i dteagmháil le do thoil leis an údarás atá freagrach as bainistiú CSE i do thír nó réigiún.

Is féidir sonraí teagmhála a fháil ar an mír Ballstáit ar an suíomh gréasáin seo.

An soláthraíonn an CSE tacaíocht airgeadais do mhic léinn?

Is féidir deontais airgeadais mac léinn a sholáthar faoi Chlár Oibriúcháin CSE ina dtugtar tosaíocht don oideachas.  

Cuardaigh an bunachar sonraí tosaíochtaí chun a thuilleadh eolais a fháil faoi Oideachas a Chur chun Cinn le cabhair ón CSE

Téigh isteach chomh maith le do thoil ar shuíomh gréasáin an chláir Erasmus trína gcuirtear ar chumas mac léinn bheith ag staidéar agus ag obair thar lear gach bliain: http://ec.europa.eu/education

Glacfaidh duine dár bhfostaithe páirt i gcúrsa oiliúna. Cén tacaíocht a bhféadfaimid – mar fhostóirí – a fháil faoin CSE agus céard iad na coinníollacha a bhainfeadh leis an tacaíocht sin?

Is féidir leis an CSE tacú le hoiliúint fostaithe, i bprionsabal. Déantar an CSE, áfach, a bhainistiú ag leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach: chun eolas a fháil faoi cibé an bhfuil tú i dteideal tacaíocht CSE i do thír téigh i dteagmháil le do thoil leis an údarás atá freagrach as bainistiú CSE. Is féidir sonraí an údaráis a fháil ar an mír Ballstáit ar an suíomh gréasáin seo.

Is mian linn ionad oiliúna a bhunú. An féidir leis an CSE lámh chúnta a thabhairt dúinn?

Is féidir leis an CSE tacú le hionaid oiliúna, i bprionsabal.

Déantar an CSE, áfach, a bhainistiú ag leibhéal náisiúnta agus/nó réigiúnach: chun eolas a fháil faoi cibé an bhfuil tú i dteideal tacaíocht CSE i do thír téigh i dteagmháil le do thoil leis an údarás atá freagrach as bainistiú CSE. Is féidir sonraí an údaráis a fháil ar an mír Ballstáit ar an suíomh gréasáin seo.

An féidir leis an CSE tacú le tionscadal san Afraic?

Soláthraíonn CSE tacaíocht san AE.

Más mian leat cabhair sheachtrach a fháil téigh isteach ar shuíomh gréasáin EuropeAid agus deontais forbartha eile.

Déanann an CSE ár n-eagraíocht a chómhaoiniú, cén lógó is féidir linn a úsáid inár ndoiciméadú?

Níl lógó ann féin ag an CSE. Is í an Bhratach Eorpach a úsáidtear go coitianta agus “Ciste Sóisialta na hEorpa” thíos fúithi.