Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Cisco García – an Spáinn

 

Cisco García

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo.

Is dlíodóir de réir gairme é Cisco García (Francisco de Asís García Vena), agus i ndiaidh timpiste clársciála i mí na Nollag 2015, chinn sé a shaol a atreorú agus é féin a thiomnú go hiomlán do leadóg cathaoir rothaí, spórt a d’imir sé den chéad uair mar ghairmí in 2018. In ainneoin a ghairme beatha gairide mar imreoir leadóige, tá sé sa dara háit faoi láthair i gcluiche singil na Spáinne, agus sa dara háit ag Corn Foirne an Domhain, agus tá sé rangaithe sa 43ú háit ar domhan. Tá sé ar dhuine de na fir spóirt is mó geana sa Spáinn agus tá na mílte leantóirí aige ar an líonra sóisialta lena scéal faoina dhúshláin a shárú. In 2020, d’aithin Forbes é mar cheann de na 100 tionchaire is fearr sa Spáinn. Is údar é freisin ar leabhar ‘Irrompaible’ (Dobhriste), an tríú leabhar is mó díol do theach foilsitheoireachta Alienta in 2021.

Instagram: ciscogarve
LinkedIn: Cisco García

An leathanach seo a chomhroinnt: