Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Dimitrios Karypidis – an Ghréig

Dimitrios Karypidis

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo.

Rugadh Dimitrios Karypidis in Tomsk, sa tSibéir in 1989, agus bhí sé ina chónaí ansin go dtí 1993 nuair a chuaigh sé ar imirce go dtí an Ghréig lena mháthair Mar leanbh, fuair na dochtúirí amach go raibh oistéigineas neamhfhoirfe trom de chineál III air, neamhord arb é is sainghné de réabadh spontáineach cnámh, gan mórán cúise nó gan cúis shoiléir leis. Bhris sé a chuid cnámh na céadta uaireanta le linn a ógántachta, rud a raibh mífhoirmiú cnámh suntasach agus níos mó ná 50 idirghabháil cheartaitheach mar thoradh air. Bhain an Coiste Sláinte Príomhúla de thátal as go raibh paraipléige fheidhmiúil air mar gheall ar fhoirm thromchúiseach d’oistéigineas neamhfhoirfe ag ráta >80 %, agus riocht ar feadh an tsaoil. I ndiaidh blianta fada fisiteiripe agus snámha le linn mhíonna an tsamhraidh, thosaigh sé ag snámh ar bhonn níos déine ar chúiseanna sláinte, lena n-áirítear cailleadh meáchain, folláine géaga agus chun feabhas a chur ar a cháilíocht saoil. Ba é George Tyligadas, a chóitseálaí reatha, a spreag é le tosú ag snámh go gairmiúil. Ba leor an tacú sin do Dimitrios le tús a chur lena ghairm bheatha ghairmiúil. I measc na n-éachtaí atá bainte amach aige tá an 4ú, 5ú agus 6ú háit ag na Cluichí Para-Oilimpeacha (Rio agus Tóiceo), 1ú áit (dhá imeacht) ag Craobhchomórtais Snámha an Domhain i mBeirlín, agus go leor eile. Is mac léinn é Dimitrios faoi láthair sa Roinn Oideolaíochta Bunoideachais, Ollscoil Democritus Thrace.

Instagram: dkarypidis
Website: linktr.ee/dkarypidis

An leathanach seo a chomhroinnt: