Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Hülya Marquardt – an Ghearmáin

Hülya Marquardt

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo

Is máthair, bean chéile, úinéir siopa faisin, bainisteoir cúrsa do choláiste áitiúil agus mainicín faoi mhíchumas í Hülya Marquardt ó Stuttgart, an Ghearmáin. Rugadh Hülya le riocht annamh a fhágann go bhfuil lámha agus cosa díchumtha uirthi. I ndiaidh 21 obráid sa chéad 6 bliana dá saol, bhí na dochtúirí ábalta cosa Hülya a dheisiú. Nuair a bhí sí 18 mbliana d'aois, áfach, tharla nimhiú fola di de bharr na scriúnna a chuir na dochtúirí isteach lena cosa a dhíriú, rud a raibh seipsis mar thoradh air. Lena beatha a shábháil, b'éigean do dhochtúirí an dá chos a theascadh go hard os cionn na glúine, rud a d'fhág le stumpaí í nach raibh beagnach fada go leor lena cosa próistéiteacha a chur uirthi. Téann Hülya timpeall i gcathaoir rothaí nó ar chlár scátála, ach is mó a bhíonn sí ag lámhacán. Is duine mór le rá í laistigh de phobal míchumais na Gearmáine, agus í ag troid ar son na gceart míchumais, lena n-áirítear comhionannas agus inrochtaineacht Ar a leathanach Instagram, taispeánann sí an dóigh a ndéileálann sí le bheith ina máthair le leanbh dhá bhliain d'aois, ina bean ghnó agus ina mainicín, in ainneoin a géag díchumtha teasctha.

Instagram: huelya_dennis

An leathanach seo a chomhroinnt: