Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú

Iliyana Dadarova – an Bhulgáir

Iliyana Dadarova

Tá leagan Éasca le léamh den téacs seo ar fáil anseo.

Is bean í Iliyana Dadarova a bhfuil oibseisiún beag aici le mála láimhe ar breá léi deireadh seachtaine a chaitheamh ag ól bolgam cappuccino agus ag breathnú tríd an eagrán is déanaí de Vogue. Tá sí tiomanta freisin d'fheasacht a mhúscailt faoi conas atá sé do dhaoine faoi mhíchumas i ndáiríre agus deireadh a chur leis an stiogma sochaíoch domhain a mheasann go bhfuil daoine faoi mhíchumas ina ndaoine nach bhfuil chomh tábhachtach. In ainneoin míchumas siúil a bheith uirthi, de bharr earráid mháinliachta a théann siar níos mó ná 15 bliana, chaith Iliyana 4 bliana san Ísiltír áit ar bronnadh céim Bhaitsiléara uirthi sa Ghnó Idirnáisiúnta. Mar chuid dá cúrsa ollscoile, thug sí faoi chlár malartaithe i Maidrid na Spáinne ar feadh 6 mhí, rud a threisigh a saol níos mó fós, ar bhonn acadúil agus ar bhonn pearsanta araon. Tá Ilyana ag tabhairt faoi ghairm bheatha rathúil i láthair na huaire i mórghníomhaireacht fógraíochta sa Bhulgáir, a tír dhúchais. Ina theannta sin, bainistíonn sí a láithreacht dhigiteach féin mar ‘dhuine sona sna fichidí’.

Instagram: happytwentysomething

An leathanach seo a chomhroinnt: