DO SHONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT
Sa ráiteas príobháideachais seo, tugtar eolas duit faoi phróiseáil agus
cosaint sonraí pearsanta nuair a úsáidtear EUSurvey chun suirbhéanna a
chruthú agus a bhainistiú.
Leagan 1.0, 2020/06/10
An oibríocht phróiseála:
EUSurvey
Rialaitheoir Sonraí:
An Coimisiún Eorpach (nó “an Coimisiún”)
Tagairt taifid:
DPR-EC-01488
Réamhrá
Tá an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) tiomanta do do
shonraí pearsanta a chosaint agus do phríobháideachas a urramú. Déanann an
Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil a thuilleadh de bhun
Rialachán (AE) 2018/1725
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018
maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta
ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus
maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear
Rialachán (CE) Uimh. 45/2001).
Sa ráiteas príobháideachais seo, mínítear an fáth a bpróiseálaimid do chuid
sonraí pearsanta, an dóigh a ndéanaimid na sonraí pearsanta ar fad a
thugtar dúinn a bhailiú, a láimhseáil agus a chosaint, an chaoi a
n-úsáidtear iad, agus na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta.
Tugtar ann freisin sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach
agus lenar féidir leat do chearta a fheidhmiú, sonraí teagmhála an Oifigigh
Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.
Cuirtear i láthair thíos an fhaisnéis maidir leis na hoibríochtaí próiseála
a dhéanann an Coimisiún tríd an bhfeidhmchlár EUSurvey i.e. mínítear sa
ráiteas príobháideachais seo an chaoi a láimhseáiltear do shonraí pearsanta
nuair a chláraíonn tú mar úsáideoir EUSurvey agus nuair a úsáideann tú an
tseirbhís chun suirbhéanna a chruthú. Ní chumhdaítear ann na gnéithe de
chosaint sonraí a bhaineann leis na suirbhéanna a chruthaíonn tú, i.e.,
nuair a bheidh suirbhé á chruthú agat, beidh ort ráiteas príobháideachais
sonrach a chur isteach sa suirbhé féin má dhéantar sonraí pearsanta a
bhailiú agus a phróiseáil mar chuid den suirbhé atá á dhéanamh agat.
Cuspóir na n-oibríochtaí próiseála: Déanann an Coimisiún, trí EUSurvey, do
chuid faisnéise pearsanta a bhailiú agus a úsáid ionas gur féidir leat, mar
úsáideoir, nascadh leis an bhfeidhmchlár EUSurvey agus an tseirbhís a úsáid
chun ceistneoirí ar líne a chruthú agus a fhoilsiú. Is féidir go
n-úsáidfear do shonraí teagmhála (seoladh ríomhphoist, céadainm agus
sloinne) chun dul i dteagmháil leat chun críoch tacaíochta agus bainistithe
cáilíochta.
Ní úsáidfear do shonraí pearsanta le haghaidh cinnteoireacht uathoibrithe,
próifíliú san áireamh.
Tabhair do d’aire nach bhfuil an Coimisiún freagrach as beartais ná
cleachtais phríobháideachais na ndaoine nó na n-eagraíochtaí a úsáideann
feidhmchlár agus seirbhís EUSurvey chun suirbhé a chruthú agus a fhoilsiú.
Is faoi fhreagracht úinéir an tsuirbhé nó eagraíocht úinéir an tsuirbhé a
dhéanfar próiseáil ar na sonraí pearsanta go léir a bhaileofar mar chuid de
shuirbhé den sórt sin.
Tá oibleagáid dhlíthiúil ar na daoine agus ar na heagraíochtaí a
úsáideann EUSurvey chun suirbhé a eagrú, a ráiteas príobháideachais
féin a chruthú agus a fhoilsiú agus sonraí pearsanta á mbailiú acu.
Déanaimid do shonraí pearsanta a phróiseáil ar na cúiseanna seo a leanas:
“tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí
pearsanta a phróiseáil chun críoch sonrach amháin nó níos mó.”
Tá/beidh an toiliú réamhluaite tugtha agat trí ghlacadh leis an ráiteas
príobháideachais seo. Ní mór glacadh leis an ráiteas príobháideachais seo
sular féidir an feidhmchlár a rochtain nó an tseirbhís a úsáid.
Féadfaidh tú do cheart a fheidhmiú chun do thoiliú a tharraingt siar trí
theagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí tríd an bh foirm theagmhála.
D’fhonn seirbhísí EUSurvey a chur ar fáil, bailíonn an Coimisiún na
catagóirí seo a leanas de shonraí pearsanta trí na hoibríochtaí próiseála:
Chun go n-aithneoidh an córas é, ní mór don úsáideoir an cúpla ainm logála
isteach/pasfhocal a bheith aige, a bhíonn á bhainistiú ag an tseirbhís
EULogin
[1]
. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcaoi a bpróiseálann EULogin do
shonraí pearsanta, féach
ráiteas príobháideachais EULogin
.
Tá rochtain ar roinnt sonraí pearsanta ó fheidhmchlár EUSurvey faoin
gcluaisín ‘Socruithe’:
• Ainm iomlán (céadainm agus sloinne)
• Seoladh ríomhphoist
Is sonraí iad an t-ainm iomlán agus an seoladh ríomhphoist a fhaightear go
huathoibríoch ó EULogin agus ó bhunachar sonraí úsáideoirí lárnacha an
Choimisiúin Eorpaigh, a stóráiltear in Ionad Sonraí an Choimisiúin
Eorpaigh. Tá sé de cheangal ar Ionad Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh
Rialachán (AE) 2018/1725 a chomhlíonadh mar aon le haon chinneadh agus
foráil slándála de chuid an Choimisiúin arna leagan síos ag an
Ard-Stiúrthóireacht um Acmhainní Daonna agus um Shlándáil don chineál sin
freastalaithe agus seirbhísí.
Is é
Europa Analytics
an tseirbhís chorparáideach a dhéanann faireachán agus meastóireacht ar
éifeachtacht agus éifeachtúlacht shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin
Eorpaigh ar Europa. Tá Europa Analytics bunaithe ar an ardán anailísíochta
foinse oscailte “Matomo” atá suiteáilte ar fhreastalaí gréasáin. Tá an
bonneagar agus na bogearraí faoi rialú iomlán an Choimisiúin Eorpaigh agus
comhlíonann siad reachtaíocht reatha an Aontais maidir le cosaint sonraí.
Úsáideann EUSurvey Europa Analytics le haghaidh staitisticí tráchta agus le
haghaidh anailísíochta. Tá tuilleadh eolais faoin bhfaisnéis agus na bearta
maidir le cosaint sonraí, an rogha ‘Ná rianaigh’ agus faisnéis eile ar
shuíomh gréasáin
Europa Analytics
.
Ní choinníonn an Coimisiún do shonraí pearsanta ach a fhad agus is gá chun
cuspóir an tsuirbhé a chomhlíonadh.
A fhad is gur ball foirne de chuid an Aontais thú, tá do chuntas
úsáideora fós gníomhach agus, dá bhrí sin, coinnítear do shonraí
pearsanta. Is féidir leat, áfach, tráth ar bith, a iarraidh ar
fhoireann EUSurvey do chuntas a dhúnadh mura mian leat an tseirbhís a
úsáid a thuilleadh. Sa chás sin, scriosfar go buan do chuntas
úsáideora, na sonraí gaolmhara uile agus na suirbhéanna agus na torthaí
uile.
I do cháil mar úsáideoir seachtrach, is féidir leat a iarraidh ar fhoireann
EUSurvey, tráth ar bith, do chuntas a dhúnadh mura mian leat an tseirbhís a
úsáid a thuilleadh. Déanfar an cuntas comhfhreagrach, na sonraí gaolmhara
go léir, agus na suirbhéanna agus na torthaí go léir a scriosadh go buan.
Ina theannta sin, scriostar cuntais úsáideoirí seachtracha i gcás ina
mbíonn siad neamhghníomhach ar feadh tréimhse 2 bhliain.
Déantar na sonraí pearsanta uile a stóráil ar fhreastalaithe Ionad Sonraí
an Choimisiúin Eorpaigh. Déantar na hoibríochtaí próiseála uile de bhun
Chinneadh (AE, Euratom) Uimh. 2017/46 ón gCoimisiún an 10 Eanáir 2017
maidir le slándáil córas cumarsáide agus faisnéise arna n-úsáid ag an
gCoimisiún Eorpach.
Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá bearta teicniúla agus
eagraíochtúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún. Ar na bearta teicniúla
sin tá bearta iomchuí chun dul i ngleic leis an tslándáil ar líne, leis an
mbaol go gcaillfí sonraí, go ndéanfaí sonraí a athrú nó go ndéanfaí
rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca atá i gceist
leis an bpróiseáil agus na gcineálacha sonraí pearsanta atá á bpróiseáil.
Ar na bearta eagraíochtúla tá cead rochtana ar na sonraí a theorannú do
dhaoine údaraithe amháin a bhfuil gá dlisteanach acu leo chun críocha na
n-oibríochtaí próiseála.
Tá slándáil do shonraí pearsanta tábhachtach dúinn ach cuimhnigh nach
bhfuil aon mhodh tarchurtha ar an idirlíon, ná aon mhodh stórála
leictreonaí, 100 % slán. Cé go ndéanaimid ár ndícheall chun do shonraí
pearsanta a chosaint, ní féidir linn slándáil iomlán na sonraí sin a ráthú.
Tugtar rochtain ar do shonraí pearsanta d’fhostaithe an Choimisiúin atá
freagrach as na hoibríochtaí próiseála a fheidhmiú agus do na baill foirne
atá údaraithe de réir an phrionsabail “ar bhonn riachtanais eolais”. Tá
ceangal ar na baill foirne sin cloí le comhaontuithe reachtúla rúndachta,
agus nuair is gá, le comhaontuithe breise rúndachta.
Dá bhrí sin, tá rochtain ag an bhfoireann a bhainistíonn feidhmchlár
EUSurvey ar do shonraí pearsanta.
Ar an bhfoireann sin tá:
• Foireann EUSurvey an Choimisiúin chun críoch tacaíochta agus cothabhála
córais.
• Riarthóirí an bhonneagair.
Ní thabharfar an t-eolas a bhailímid d’aon tríú páirtí, seachas a mhéid is
gá má éilítear sin de réir dlí agus chun an cuspóir sin a chomhlíonadh.
Ní roinnfidh an Coimisiún sonraí pearsanta úsáideoirí le tríú páirtithe
chun críoch margaíocht dhíreach. Is é sin le rá nach mbainfidh an Coimisiún
úsáid as do shonraí pearsanta chun nuachtlitreacha, faisnéis margaíochta nó
fógraíochta a chur chugat. Mar sin féin, féadfaimid do sheoladh ríomhphoist
a úsáid chun teagmháil a dhéanamh leat le faisnéis nó nuashonruithe maidir
le EUSurvey.
Tá cearta sonracha agat mar “ábhar sonraí” faoi Chaibidil III (Airteagail
14 go 25) de Rialachán (AE) 2018/1725, go háirithe an ceart chun do shonraí
pearsanta a rochtain agus a cheartú i gcás ina bhfuil do shonraí pearsanta
míchruinn nó neamhiomlán. I gcás inarb infheidhme, tá sé de cheart agat do
shonraí pearsanta a scriosadh, próiseáil do shonraí pearsanta a shrianadh,
agóid a dhéanamh i gcoinne na próiseála, agus an ceart chun iniomparthachta
sonraí agat.
Is féidir leat do chearta a fheidhmiú ach teagmháil a dhéanamh leis an
Rialaitheoir Sonraí nó, i gcás easaontais, leis an Oifigeach Cosanta
Sonraí.
Tabhair do d’aire gur ó EULogin a tógadh do chéadainm, do shloinne agus do
sheoladh ríomhphoist agus nach féidir iad a athrú ach amháin ansin. Déantar
EUSurvey a nuashonrú go huathoibríoch de réir sonraí EULogin. Ar an gcéad
logáil isteach, cruthaítear do chuntas go huathoibríoch trí úsáid a bhaint
as sonraí a bhaintear as bunachar sonraí EULogin. Is féidir sonraí
pearsanta eile a athrú ar
leathanach socruithe EUSurvey
. Mura féidir sin a dhéanamh, déan teagmháil linn tríd an bh foirm theagmhála.
Leanfaidh an Ráiteas Príobháideachais seo de bheith i bhfeidhm ach amháin
maidir le haon athruithe ar a fhorálacha sa todhchaí, a bheidh i bhfeidhm
díreach tar éis dóibh a bheith postáilte ar fheidhmchlár EUSurvey agus tar
éis don úsáideoir glacadh leo. I gcás aon athruithe ar an Ráiteas
Príobháideachais seo, cuirfimid ar an eolas thú trí theachtaireacht
ghlactha fheiceálach a chur ar fheidhmchlár EUSurvey díreach tar éis duit
logáil isteach. Iarrfar ort an Ráiteas Príobháideachais nua a léamh agus
glacadh leis.
Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má
tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a
dhéanamh faoi bhailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, déan teagmháil leis
an Rialaitheoir Sonraí tríd an bh foirm theagmhála.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le foireann tacaíochta EUSurvey, tríd
an bh foirm theagmhála,
chun do chuntas a scriosadh go buan i gcás nach gá duit an tseirbhís a
úsáid a thuilleadh.
Féadfaidh tú freisin dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí an
Choimisiúin (DATA-PROTECTION-OFFICER@ec.europa.eu) maidir le ceisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi
Rialachán (AE) 2018/1725.
Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint
Sonraí (i.e. gearán a dhéanamh leis) (edps@edps.europa.eu) má mheasann
tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725 mar thoradh
ar phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.
Tá an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ag gníomhú mar údarás
maoirseachta neamhspleách. Déanann an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí
a chinntiú go ndéanann institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais an
ceart chun príobháideachais atá ag daoine a urramú nuair a bhíonn sonraí
pearsanta na ndaoine sin á bpróiseáil acu.
Foilsíonn an tOifigeach Cosanta Sonraí clár na n-oibríochtaí próiseála go
léir ar shonraí pearsanta atá déanta ag an gCoimisiún, oibríochtaí atá
doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Tá an clár le fáil ag an nasc seo:
http://ec.europa.eu/dpo-register
.
Tá an oibríocht phróiseála shonrach sin curtha le clár poiblí an
Oifigigh Cosanta Sonraí agus an tagairt taifid seo a leanas ag gabháil
léi: DPR-EC-01488.1
[1]
Is é EULogin seirbhís fíordheimhniúcháin na n-institiúidí Eorpacha
atá bunaithe ar theicneolaíocht SSO (logáil isteach aonuaire).