Faoin straitéis chun iniaimh sóisialta a chothú, tugtar spreagadh do Bhallstáit a gcuid cur chuige a chomhordú chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac agus chun iad a chur ar bharr a gclár oibre polaitiúil.
Foilsítear gairm tograí i ngach tír rannpháirteach chun imeachtaí a eagrú laistigh de chreat na Bliana Eorpaí 2010. Ní deonóidh an Coimisiún Eorpach fóirdheontais go díreach.
Tugann an tAE tacaíocht airgeadais ar fáil do thionscnaimh a théann i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta trí na trí phríomhionstraim maoinithe seo:
Tuilleadh eolais en
Tá Ciste Sóisialta na hEorpa tiomnaithe chun tacú le fostaíocht agus caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú ar fud an AE. Is é infheistiú in oideachas agus i dtraenáil an treoirphrionsabal.
Ciste Coigeartaithe Forchríochaithe na hEorpa Tugtar tacaíocht do dhaoine a chaill a bpoist mar gheall ar dhomhandú faoin gCiste Coigeartaithe Forchríochaithe na hEorpa.
Tuilleadh eolais en
Clár fostaíochta agus dlúthpháirtíochta sóisialta an AE is é PROGRESS. Is í aidhm an chláir ná feabhsuithe a spreagadh sna réimsí seo a leanas:
Tuilleadh eolais en