Uirlisí inrochtaineachta
Uirlisí seirbhíse
Roghnóir teanga
Cosán nascleanúna
Is de réir séanadh, fógra cóipchirt agus na rialachán a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta.a sholáthraítear an fhaisnéis atá ar fáil ar an láithreán gréasáin seo.
Séanadh |
Tá an láithreán gréasáin seo á chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach chun feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis a bhaineann lena thionscnaimh agus le beartais an Aontais Eorpaigh go ginearálta. Is é ár gcuspóir ná an fhaisnéis seo a choimeád cruinn agus suas chun dáta. Má tharraingítear aird ar earráidí, déanfaimid iarracht iad a cheartú.
Ní ghlacann an Coimisiún le freagracht ná le dliteanas ar bith, áfach, maidir leis an fhaisnéis atá ar fáil ar an láithreán gréasáin seo.
Soláthraítear faisnéis:
Tabhair faoi deara le do thoil nach feidir deimhin a dhéanamh de go bhfuil na doiciméid atá ar fáil ar líne díreach cosúil le téacs a glacadh leis go hoifigiúil. Ní ghlactar ach le reachtaíocht an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear i leagain pháipéir d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh mar reachtaíocht fhíordheimhnithe.
Is é ár gcuspóir an cur isteach a bhaineann le hearráidí teicniúla a íosmhéadú. Tá seans ann, áfach, gur cruthaíodh nó gur leagadh amach cuid de na sonraí nó an fhaisnéis atá ar fáil ar an láithreán gréasáin seo i gcomhaid nó i bhformáidí nach bhfuil saor ó earráid, agus nílimid in ann deimhin a dhéanamh de nach gcuirfeadh na hearráidí seo isteach ar an seirbhís nó nach gcuirfeadh siad stop léi. Ní ghlacann an Coimisiún le freagracht ar bith maidir le fadhbanna dá leithéid de thoradh ar úsáid a bhaint as an láithreán seo nó leis na láithreáin eile a bhfuil nasc leis.
Níor leagadh amach an séanadh seo chun teorainn a chur le dliteanas an Choimisiúin má sháraítear ceann ar bith de na ceanglais mar a leagadh amach sa dlí náisiúnta infheidhme, nó chun a dliteanas a eisiamh maidir le hábhair nach féidir eisiamh de réir an dlí sin.
Fógra Cóipchirt |
© Aontas Eorpach, 1995-2012
Tá atáirgeadh ábhar ón láithreán gréasáin seo údaraithe nuair a léirítear an fhoinse, ach amháin nuair a léirítear a mhalairt.
Nuair is gá cead a fháil roimh ré chun faisnéis théacsa nó ilmheánach a atáirgeadh nó a úsáid (fuaim, íomhánna, bogearraí, agus araile), cuirfidh an cead seo deireadh leis an gcead ginearálta a léirítear thuas agus leagfar amach go soiléir na srianta a bhaineann leis.
Cosaint Sonraí Pearsanta |
Tá an tAontas Eorpach tiomanta do phríobháideacht an úsáideora.
Tá an beartas ar "chosaint daoine aonair i dtaca le próiseáil na sonraí pearsanta ag institiúidí an Chomhphobail" bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ![]()
[234 KB] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000.
Baineann an beartas ginearálta seo le foireann Láithreán Gréasáin institiúideach an Aontais Eorpaigh, a thagann faoin bhfearann eu
Cé go bhfuil tú in ann an cuid is mó de na Láithreáin Ghréasáin seo a bhrabhsáil gan faisnéis ar bith a sholáthar ort féin, i gcásanna áirithe, is gá faisnéis phearsanta a sholáthar chun na r-sheirbhísí atá á lorg agat, a rochtain.
Is iad na Láithreáin Ghréasáin a lorgaíonn an fhaisnéis seo a dhéileálainn leis de réir an bheartais a ndéantar cuir síos air sa Rialachán thuasluaite agus soláthraíonn siad faisnéis maidir le húsáid do shonraí ina ráitis bheartais phríobháideachta sonracha.
Ar an gcuma seo
Soláthraíonn Láithreáin Ghréasáin institiúideacha chlann an Aontais Eorpaigh, a thagann faoin bhfearann eu, naisc chuig láithreáin tríú páirtithe. Nílimid in ann na láithreáin seo a rialú, agus mar thoradh ar seo, tugtar spreagadh duit athbhreithniú a dhéanamh ar a mbeartais molaimid phríobháideachta.
Cad is r-sheirbhís ann?
Is í r-sheirbhís atá ar fáil ar EUROPA ná seirbhís nó acmhainn a chuirtear ar fáil ar an Idirlíon chun feabhas a chur ar an gcumarsáid idir saoránaigh agus gnóthais ar thaobh amháin agus na hInstitiúidí Eorpacha ar an taobh eile.
Bíonn, nó beidh trí r-sheirbhís dhifriúla ar fáil ó EUROPA:
Faisnéis atá ar fáil mar chuid de ráiteas príobháideachta sonrach.
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar úsáid do shonraí ar fáil i ráiteas beartais príobháideacha sonrach:
An dóigh a ndéanaimid na r-poist a sheolann tú chugainn a láimhseáil?
Tá cnaipe "Teagmháil" ar fáil ar mhórchuid de na leathanaigh ghréasáin EUROPA a chuireann do bhogearraí r-phoist ag gníomhachtú agus tugann sé cuireadh duit do bharúlacha a sheoladh chuig bosca poist sonrach feidhmiúil.
Nuair a sheolann tú teachtaireacht dá leithéid, bailítear an méid sonraí pearsanta is gá chun freagra a thabhairt. Mura mbíonn foireann bainisteoireachta an bhosca poist in ann do cheist a fhreagairt, seolfaidh sí do r-phost chuig seirbhís eile. Cuirfear ar an eolas thú, tríd an r-phost, ar an tseirbhís atá ag déileáil le do cheist.
Má bhíonn aon cheisteanna agat maidir le próiseáil do r-phost agus do shonraí pearsanta iomchuí, déan deimhin de iad a chur isteach le do theachtaireacht.