breadcrumb.ecName

Mórspreagadh don Chomhaontú Glas don Eoraip is ea Bauhaus Eorpach Nua, agus tá cistiú le méadú a thuilleadh

  • 17 January 2023
Mórspreagadh don Chomhaontú Glas don Eoraip is ea Bauhaus Eorpach Nua, agus tá cistiú le méadú a thuilleadh

Tá an chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn Bauhaus Eorpach Nua (NEB) á cur i láthair ag an gCoimisiún ina ndéantar breithniú ar an méid a baineadh amach sa chéad dá bhliain den tionscnamh mar aon leis an gcéad uirlis measúnaithe le haghaidh thionscadal NEB: an Compás NEB.

Le Bauhaus Eorpach Nua, cruthaíodh pobal leathan eagraíochtaí agus saoránach ar fud na hEorpa a oibríonn ar fhís choiteann ina bhfuil inbhuanaitheacht, cuimsiú agus aeistéitic. Maidir le príomhghníomhaíochtaí NEB – lena n-áirítear Duaiseanna NEB, an chéad Fhéile, an tSaotharlann NEB – tá aidhmeanna na ngníomhaíochtaí sin á mbaint amach agus tá líonra trasnáisiúnta ón mbun aníos forbartha anois dá mbarr. A bhuí le breis agus EUR 100 milliún de chistiú Eorpach a leithdháileadh cheana féin, tá tionscadail bheaga agus mhóra NEB ar siúl ar fud na hEorpa. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún EUR 106 mhilliún i gcistí tiomnaithe Fís Eorpach leis an gcistiú le haghaidh 2023-24 amháin.

Gluaiseacht NEB

Tá an tionscnamh ina ghluaiseacht anois ina bhfuil pobal gníomhach agus méadaitheach ó Bhallstáit uile an Aontais agus níos faide i gcéin rannpháirteach.

Tá breis agus 600 eagraíocht comhpháirtíochta oifigiúla bainteach le NEB, ina measc líonraí ar fud an Aontais agus tionscnaimh áitiúla, agus bíonn tionchar aige ar na milliúin saoránach. Leis an tionscnamh, tá daoine ó chúlraí éagsúla á dtabhairt le chéile - cuir i gcás an tionscal ealaíne agus deartha, an tionscal cultúir agus cruthaitheachta, institiúidí oidhreachta cultúrtha, oideachasóirí, eolaithe agus nuálaithe, gnólachtaí, údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus tionscnaimh ó na saoránaigh.

Ón tús, bhí NEB ina spreagadh do ghníomhaithe áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta chun a dtionscnaimh NEB féin a chruthú. Chun rochtain thrédhearcach a sholáthar ar fhaisnéis maidir le glaonna tiomnaithe, tairbhithe agus baill de phobal Bauhaus Eorpach Nua, chruthaigh an Coimisiún Deais NEB, bunachar sonraí cuimsitheach i bhfoirm léarscáil idirghníomhach.

Tá pobal NEB gníomhach san Úcráin freisin. Áirítear leis sin ionchur a thabhairt maidir le réitigh tithíochta éigeandála agus pleanáil fhadtéarmach atógála. Tá trí threoirthionscadal idir lámha ag Saotharlann NEB (práinn tithíochta, ciorclaíocht agus fothú acmhainneachta), agus rinneadh fardal de riachtanais bhardais na hÚcráine agus a bpáirtithe leasmhara (e.g. ailtirí, pleanálaithe uirbeacha, mic léinn agus cuideachtaí tógála) le haghaidh atógáil ghearrthéarmach agus fhadtéarmach. Beidh sraith uirlisí fothaithe acmhainneachta ar fáil d'Úcránaigh, do chomhpháirtithe NEB agus do shaineolaithe atógála idirnáisiúnta sa chéad ráithe de 2023, bunaithe ar thorthaí na dtreoirthionscadal.

Tá torthaí infheistíochtaí suntasacha an Aontais le feiceáil anois

Mar gheall ar chistiú spriocdhírithe ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, tá fíorathrú á dhéanamh anois ag NEB ar an láthair. In 2022, roghnaíodh na chéad sé léirsitheoir NEB — tionscadail chlaochlaithe áitiúla ar mhórscála a bhí inmhacasamhlaithe - agus thosaigh siad ag obair, agus iad á gcistiú faoin tionscnamh ‘Fís Eorpach'. In 2023, leanfaidh na chéad 10 eile faoi Ghníomhaíochtaí Nuálacha Eorpacha an Bheartais Chomhtháthaithe. In éineacht le tionscadail ar fud na hEorpa ar scála níos lú, infheistíodh os cionn EUR 100 milliún i dtionscadail NEB a fuair tacaíocht ó chláir éagsúla CAI in 2021-2022.

Rinne na Ballstáit uile tagairtí do Bauhaus Eorpach Nua ina gcláir beartais chomhtháthaithe le haghaidh 2021-27, rud a réitíonn an bealach do thionscadail atá spreagtha ag NEB chun cistiú comhtháthaithe a fháil.

Compás nua NEB chun forbairt agus measúnú tionscadal a threorú

Inniu, tá an Compás NEB á chur i láthair ag an gCoimisiún freisin, uirlis mheasúnaithe atá ina cuidiú le tuiscint a fháil ar a mhéid a chuimsíonn tionscadal ar leith cur chuige NEB. Mínítear leis a bhfuil i gceist i gcomhthéacsanna sonracha leis na trí luach NEB, is iad sin an inbhuanaitheacht, an cuimsiú agus an áilleacht; conas is féidir iad a chomhtháthú agus a chomhcheangal le prionsabal oibre na rannpháirtíochta agus le prionsabail oibre trasdisciplíneacha. Forbrófar uirlisí measúnaithe níos mionsonraithe bunaithe ar an gCompás sin, ag tosú leis an timpeallacht thógtha.

An bealach chun tosaigh

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair ar NEB a phríomhshruthú i gcláir an Aontais, lena n-áirítear faoi bhainistíocht chomhroinnte sa Bheartas Comhtháthaithe, agus ar chistiú a mhéadú le haghaidh an tionscnaimh. Leithdháilfear níos mó ná EUR 106 mhilliún ar ghlaonna tiomnaithe NEB faoi Mhisean agus Braislí an chláir ‘Fís Eorpach' in 2023 agus 2024.

I gcomhthéacs Bhliain Eorpach na Scileanna, leagfar béim théamach ar an oideachas in eagrán 2023 de Dhuaiseanna NEB, agus leathnófar an cumhdach geografach chuig na Balcáin Thiar chomh maith le Ballstáit an Aontais. I mbliana, mar chuid de NEB forbrófar Acadamh NEB agus cuirfear oiliúint i bhfeidhm maidir le tógáil inbhuanaithe, ciorclaíocht, agus ábhair bhithbhunaithe chun dlús a chur le claochlú na hearnála.

Leanfaidh tionscadail leanúnacha ar aghaidh, cuir i gcás Saotharlann NEB, chun NEB a dhaingniú i ngach beartas. Meastar freisin go bhfuil sé ar cheann de chúraimí tábhachtacha NEB a láithreacht a mhéadú i dtíortha agus i réigiúin, lena n-áirítear i gceantair thuaithe, nach bhfuil ach líon beag gníomhaíochtaí NEB iontu go dtí seo.

A bhuí leis na bealaí de chuid Bauhaus Eorpach Nua faoi Erasmus+/‘Discover EU', ní fada go mbeidh deis ag Eorpaigh óga eolas a chur ar thírdhreacha agus ar chathracha iontacha na hEorpa, agus foghlaim faoi thionscadail de chuid Bauhaus Eorpach Nua an tráth céanna.

Le dhá bhliain anuas, tá 100 tionscadal éagsúil ar an láthair bainte amach againn agus os cionn EUR 100 milliún d’infheistíocht NEB ó chláir éagsúla de chuid an Aontais. Is cúis bhróid dom gur as an mBeartas Comhtháthaithe a thagann leath na hinfheistíochta sin. Agus níl anseo ach an tús, chuir gach ceann de na 27 mBallstát forálacha maidir le Bauhaus Eorpach Nua isteach ina gcláir chomhtháthaithe le haghaidh 2021-2027. Tá súil againn tuilleadh tionscadal NEB a fheiceáil i réigiúin agus pobail áitiúla Eorpacha sna blianta amach romhainn. Leanfaidh an beartas comhtháthaithe de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus do ghníomhaithe san iarracht sin.

Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin - 16/01/2023

Léirítear sa tuarascáil ar Bauhaus Eorpach Nua atá á cur i láthair againn inniu na héachtaí móra atá bainte amach go dtí seo. Agus in 2023, beidh eachtraí nua ann, go háirithe d’Eorpaigh óga a bheidh ag siúl ar bhóithre NEB go luath a bhuí le gníomhaíocht Erasmus+/‘Discover EU’. Beidh siad in ann a fheiceáil lena súile féin gur gluaiseacht é Bauhaus Eorpach Nua atá in ann ár saol a athrú. Agus tá mé thar a bheith sásta go dtabharfar aird ar leith ar an oideachas le catagóir speisialta le haghaidh Dhuaiseanna NEB agus le hoiliúint ad hoc ar thopaicí inbhuanaithe a bhuí le hAcadamh NEB.

Mariya Gabriel, an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige - 16/01/2023

More information