breadcrumb.ecName

Bauhaus Eorpach Nua faoin mBeartas Comhtháthaithe: Glao EUR 50 milliún ar thionscadail nuálacha i gcathracha

  • 11 October 2022
Bauhaus Eorpach Nua faoin mBeartas Comhtháthaithe: Glao EUR 50 milliún ar thionscadail nuálacha i gcathracha

Tá glao dar luach EUR 50 milliún á sheoladh inniu ag an Tionscnamh Uirbeach Eorpach chun tacú le nuálaíocht uirbeach agus le cumas cathracha forbraíocht uirbeach inbhuanaithe a thógáil.

Is críochnúil an chaoi a gcuireann an glao seo bunluachanna Bauhaus Eorpach Nua i ngníomh: aeistéitic, inbhuanaitheacht, agus cuimsiú. Leis an nglao, beifear in ann an dara glúin de léiritheoirí Bauhaus Eorpach Nua a chur chun feidhme tar éis na chéad sé thionscadal a maoiníodh faoin gclár Fís Eorpach. Is cuid de Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF) é an Tionscnamh Uirbeach Eorpach.

Ag labhairt di faoin tionscnamh, bhí an méid seo le rá ag Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Beartas Comhtháthaithe agus um Athchóirithe: ‘Na tionscadail nuálacha ar an láthair lena ndéanfar luachanna Bauhaus Eorpach Nua a fhíorú, is den ríthábhacht iad le haghaidh aistriú glas cuimsitheach a chuirfidh réitigh mhaireachtála ardcháilíochta ar fáil do chách. Iarraim ar chathracha an Aontais a bhfís agus a gcruthaitheacht a úsáid chun a oiread leasa agus is féidir a bhaint as an deis mhaoinithe a chuirtear ar fáil inniu le Tionscnamh Uirbeach Eorpach an Bheartais Comhtháthaithe chun saol na saoránach a fheabhsú agus chun a bheith mar eiseamláir den chaoi le dul i ngleic le dúshláin chasta uirbeacha ar an mbealach is dual do Bauhaus Eorpach Nua.'

Is é seo a leanas an méid a dúirt an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige, Mariya Gabriel‘Tá ról tábhachtach ag cathracha sa chlaochlú inbhuanaithe. Ní hamháin go bhfuil deis ar leith acu teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh, is féidir leo freisin cur leis an éagsúlacht chultúrtha agus leis an oidhreacht chultúrtha chun ár spásanna maireachtála agus ár ndearcthaí a athrú ó bhonn. Leis an nglao nua seo, déanaimid luachanna Bauhaus Eorpach Nua a fhréamhú i dtógáil agus i bhfeidhmiú cathracha, ar bhealach chomh gar do na saoránaigh agus is féidir. Táim ag tnúth go mór le hanam a theacht sna tionscadail agus iad a fheiceáil ag scaipeadh ar fud na hEorpa.'

Leis an nglao, táthar ar thóir tionscadail lena spreagfar athrú ó bhonn sna cathracha agus a mbeidh d'acmhainneacht acu infheistíochtaí a ghiniúint agus tionscadail Beartais Comhtháthaithe eile a spreagadh, i gcomhréir le prionsabail Bauhaus Eorpach Nua. Is gá baint a bheith ag na tionscadail leis na ceithre théama seo a leanas:

  • tógáil agus athchóiriú a mbeidh meon na ciorclaíochta agus na neodrachta carbóin ina mbunchloch díobh
  • an oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus a chlaochlú
  • foirgnimh a oiriúnú agus a chlaochlú le go mbeidís ina réitigh inacmhainne don tithíocht
  • spásanna uirbeacha a athghiniúint.

Maoineoidh ERDF 80 % de chostas tionscadal roghnaithe. Tá suas le EUR 5 mhilliún le fáil ag gach tionscadal. Tacóidh cuid den chistiú sin le réitigh nuálacha a aistriú chuig cathracha eile san Eoraip le go mbeidh tionchar níos mó fós acu, go háirithe sna cathracha agus sna réigiúin is mó a dteastaíonn tacaíocht uathu chun claochlú i dtreo na todhchaí glaise. San fhadtéarma, beidh údaráis uirbeacha ann a mbeidh tacaíocht á fáil acu, agus bunóidh na húdaráis sin comhpháirtíochtaí aistrithe le trí chathair eile ar spéis leo codanna de na tionscadail nó na tionscadail iomlána a mhacasamhlú. Beidh an glao ar oscailt go dtí lár mhí Eanáir 2023.

Cúlra 

Sheol an tUachtarán von der Leyen an tionscnamh Bauhaus Eorpach Nua i mí Mheán Fómhair 2021. Cuirfidh an tionscnamh gné chultúrtha leis an gComhaontú Glas agus spreagfaidh sé athrú ar an láthair lena mbeidh luachanna na haeistéitice, na hinbhuanaitheachta agus an chuimsithe fite fuaite ina chéile, athrú lena gcuirfear borradh faoin aistriú glas.

Is ionstraim nua é an Tionscnamh Uirbeach Eorpach ag a bhfuil buiséad tiomnaithe ERDF de EUR 450 milliún, a thacaíonn le gné uirbeach Bheartas Comhtháthaithe 2021–2027. Ní mór 8 % ar a laghad d'acmhainní ERDF i ngach Ballstát a infheistiú i dtosaíochtaí agus i dtionscadail a roghnóidh na cathracha iad féin agus a bheidh bunaithe ar a straitéisí féin um fhorbairt uirbeach inbhuanaithe.

Sa bhreis ar thacú leis an nuálaíocht, tacaíonn an Tionscnamh Uirbeach Eorpach le hacmhainneachtaí na limistéar uirbeach uile ar fud na hEorpa. Cuireann sé fianaise ar fáil maidir le beartais a cheapadh agus eolas a chomhroinnt faoin bhforbairt uirbeach inbhuanaithe, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh tríd an gClár Oibre Uirbeach don Aontas Eorpach.

Is é an Coimisiún agus Réigiún Hauts-de-France na Fraince a bhainistíonn an Tionscnamh Uirbeach Eorpach. Cuireann sé le Gníomhaíochtaí Nuálacha Uirbeacha na clárthréimhse 2014–2020, ach dírítear níos mó fós ar an nuálaíocht uirbeach, ar an inbhuanaitheacht agus ar an gcumas macasamhlú a dhéanamh i gcathracha eile.

More information