Cosán nascleanúna

Leagan nua d'IMI

Dhá mhodúl nua curtha le IMI

  • As seo amach beidh Údaráis Sábháilteachta Iarnróid in ann faisnéis faoi cheadúnais tiomána traenach a mhalartú trí IMI (Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh) mar chuid de thionscadal píolótach a bunaíodh le gníomh cur chun feidhme.
  • Seoladh modúl nua do IMI a thugann caoi d'údaráis inniúla fógra a thabhairt i dtaobh dioplómaí nua. Is as an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla (2005/36/CE) a tháinig an cinneadh an córas a úsáid. As seo amach is trí IMI a dhéanfar na fógraí i leith cáilíochtaí nua sna seacht ngairm i gceist a chur ar líne, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos fusa don Choimisiún agus do na Ballstáit iad a láimhseáil.

Rochtain ar IMI

Ní féidir ach le húsáideoirí atá cláraithe rochtain a fháil ar Chóras
Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI).

Córas oiliúna IMI

Mura bhfuil aon taithí agat ar IMI agus más mian leat cleachtadh a fháil ar an gcóras, is féidir leat ár gcóras oiliúna a úsáid.

Chuige sin, ní foláir duit clárú

Níl tú cláraithe fós?

Beidh ar chomhordaitheoir náisiúnta IMI d'iarratas ar chlárú a cheadú. Ní féidir ach le húdaráis inniúla iarratas a dhéanamh ar chlárú in IMI.